asked the Minister for the Gaeltacht the number of subsidiaries of Údarás na Gaeltachta registered as private limited liability companies under the Companies Act as at this date; in view of the provisions contained in the Companies Act, the reason it was necessary for the State Exchequer to pay in full all creditors of such companies; the reason it was deemed necessary to register the subsidiary companies under the Companies Act, and then to dispense with the limited liability cover; if he had the approval of the Minister for Finance to use State funds to pay all creditors of the subsidiary companies of Údarás na Gaeltachta; if all co-operative societies operating in the Gaeltacht who went into liquidation received State grants to pay all their creditors; and, if not, the reason shareholders of the co-operative societies were not treated in the same manner as subsidiary companies of Údarás na Gaeltachta.
Written Answers. - Údarás na Gaeltacha Subsidiary Companies.
Bíonn fochuideachtaí uile Údarás na Gaeltachta ina gcuideachtaí teoranta. I ndeireadh gach bliana tugtar liosta de na cásanna a bhíonn i bhfeidhm i dTábla 7 den tuarascáil a fhoilsítear. Tá tuarascáil 1984 leagtha faoi bhráid na Dála. Tugadh eolas iomlán faoin nós imeachta maidir le dliteanais inghlactha fhochuideachtaí a ghlanadh — feic freagraí ar Cheisteanna uimh 518 agus 654 dar dáta 31 Deireadh Fómhair 1984 agus 13 Samhain 1984 (col. 734 agus 1750) faoi seach. Fuarthas údarás iomchuí d'aon infheistíocht a rinneadh i bhfochuideachtaí. Socraíodh roinnt míonna ó shin nach mbeidh airgead le fáil ag an Údarás feasta ón Stát ach chun dliteanais dhlíthiúla a ghlanadh i gcás fochuideachta a bheidh á leachtú. Níor tugadh cúnamh Stáit do chomharchumainn Ghaeltachta tar éis dóibh éirí as gnó chun a gcuid crediúnaithe a íoc. Níor tugadh cabhair Stáit chun scairshealbhóirí a chúiteamh i gceachtar de na cásanna a luann an Teachta.