Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Dec 1985

Vol. 362 No. 13

Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Staid na Gaeilge.

2. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an ndearna an Rialtas aon fhiosrúchán le gairid ar staid na Gaeilge sna Gaeltachtaí ar fad agus má rinne an inseoidh sé céard é toradh a gcuid oibre.

Ní dhearnadh aon fhiosrúchán foirmiúil den saghas a luann an Teachta.

Ón eolas atá ag an Aire faoi chúrsaí sna Gaeltachtaí an bhfuil aon tuairim aige an bhfuil dul chun cinn nó laghdú ar labhairt na Gaeilge? Cuirim i gcás, ón eolas atá againn faoin deontas £10 nó eolas eile den chineál sin, ar mbeadh sé in ann tuairim éigin a thabhairt.

Mar is eol don Teacha, chuir Roinn na Gaeltachta ráiteas chuig Comhchoiste Oireachtas na Gaeilge ina bhfuil an Teachta mar Chathaoirleach ar 28 Samhain agus déanann an ráiteás sin cur síos go ginearálta ar staid na Gaeilge. Níl tuilleadh le cur agamsa leis an ráiteas sin.

An é nach bhfuil suim ar bith ag an Aire faoi cén chaoi a bhfuil cúrsai na Gaeilge sna Gaeltachtaí, an bhfuil dul chun cinn nó feabhas? Sin é an rud ba mhaith liom a fháil amach, agus teastaíonn ón phobal go ginearálta an t-eolas céanna i dtaobh cheist labhairt na Gaeilge.

Faoi mar is eol don Teachta, tá an-chuid deacrachtaí ag baint le staid na Gaeilge, fiú sna Gaeltachtaí, agus tá a fhios ag an Teachta faoi na deacrachtaí sin. Mar a dúirt mé, chuir an Roinn ráiteas chuig an comhchoiste a léiríonn na deacrachtaí atá ag an Roinn i dtaobh na nithe sin, agus níl a thuilleadh le cur agamsa leis an ráiteas sin.

Ní thig liom bheith sásta leis an fhreagra a thug an tAire. Tá sé mar dhualgas air, nuair a chuirimse ceist mar seo air go bhfuil daoine ann a bhfuil imní orthu i dtaobh an Gaeilge, fiú amháin ins na Gaeltachtaí, an t-eolas a thabhairt. Caithfidh go bhfuil an t-eolas sa Roinn faoi staid na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Muna bhfuil, tá an chosúlacht ann nach bhfuil suim ar bith ag an Aire i dtaobh chúrsaí Gaeilge sna Gaeltachtaí nó nach bhfuil sé sásta an t-eolas a thabhairt dúinn.

Níl a fhios agam cén fáth a deireann an Teachta nach bhfuil aon suim agamsa nó ag Aire na Gaeltachta nó ag Roinn na Gaeltachta i staid na Gaeilge. Chomh cairdiúil agus chomh séimh agus is féidir liom é a rá, thug mé freagra ar an cheist. D'fhiafraigh an Teachta díom an ndearna an Rialtas aon fhiosrúchán le gairid ar staid na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Thug mé freagra air sin nár dearnadh aon fhiosrúchán den tsaghas sin.

3. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an léireoidh sé cén dul ar aghaidh atá déanta le moltaí Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a chur i gcrích go mór mhór mar a bhaineann sé leis na Ranna Stáit agus le seirbhísí an Stáit.

Tugtar tuairisc faoin dul chun cinn a rinneadh sa dhá bhliain tosaigh den phlean sna tuarascálacha do na blianta 1983-1984 agus 1984-1985 a leagadh faoi bhráid na Dála Samhain 1984 agus Deireadh Fómhair 1985 faoi seach.

Ní dóigh liom gur chóir d'Aire ar bith freagra mar sin a thabhairt do Theachta a chuireann ceist síos chuig Airí anseo sa Teach. Ceist shimplí a chuir mé síos don Aire faoi cad é an dul chun cinn atá déanta chun moltaí Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge a chur ar aghaidh. Ba mhaith liom cúpla ceist dearfa a chur ar an Aire anois agus go dtabharfadh sé freagra dom. Má thógaimid an chéad mholadh faoin Státseirbhís, lár-ionad forbartha Gaeilge don Stáitseirbhís, coistí forbartha na Gaeilge sna Rannaí Stáit agus oifigeach Gaeilge a bheith tofa i chuile Roinn Stáit. An bhfuil sé sin déanta go fóill?

Mar a dúirt mé cheana, tá dian-chur síos déanta ar na cúrsaí sin, mar shampla, san tuarascáil don bhliain 1984-1985, sa taobh a bhaineann le ranna Stáit agus oifigí Stáit. Tosnaíonn an cur síos ar leathanach 3 den tuarascáil agus críochnaíonn sé ar leathanach 82, má chuirimid san áireamh gach ceann de na rannaí Stáit agus oifigí Stáit: mar shampla, an Chomhairle Ealaíon, Bord na gCapall, boird Stáit and comhlachtaí Stáit, agus tá freagra beacht ar cheist an Teachta tugtha sa tuarascáil sin, agus níl aon eolas níos déanaí ná mar atá san tuarascáil seo le cur agam faoi bhráid na Dála inniu.

Chuir mé ceist ar an Aire liosta a thabhairt dom de na hoifigí Gaeilge i chuile Roinn Stáit agus comhlachtaí Stáit faoi láthair. An bhféadfadh sé na cinn is déanaí a thabhairt dom má chuirim ceist nó litir chuige, nó an féidir leis iad a thabhairt dom anois?

Bheinn thar a bheith sásta freagra a chur ar fáil don Teachta ó Roinn na Gaeltachta ar na ceisteanna atá aige anseo, ach do mholfainn dó i dtosach báire, chun cur amú ama a sheachaint, an tuarascáil seo a léamh, agus gheobhaidh sé ansin freagra ar an chuid is mó de na ceisteanna a bheadh aige.

Ón eolas atá ag an Aire an dtiocfadh leis a insint dúinn an bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn ata á dhéanamh maidir leis na moltaí áta curtha os comhair an Rialtais agus na Ranna Stáit ag Bord na Gaeilge, sé sin ó thaobh labhairt agus úsáid na Gaeilge? An bhféadfaidh an tAire a thuairim féin a thabhairt faoi sin?

Má tá an Teachta ag iarraidh orm mo thuairim féin a thabhairt mar chomhalta den Teach seo agus ní mar Aire na Gaeltachta, ar an mórchóir bheinn sásta go mhaith leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ach go bhfuil an-chuid dul cinn gur chóir a dhéanamh as seo amach.

Barr
Roinn