Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Dec 1985

Vol. 362 No. 13

Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Tionscail Údarás na Gaeltachta.

4. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé eolas dúinn faoi dhruid mhonarcha GPE in Anagaire, Contae Dhún na nGall, agus an inseoidh sé dhúinn cad é mar a rachaidh druid na monarchan sin i bhfeidhm ar thionscail eile de chuid Udarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta.

Toisc gur léir nach mbeadh an rath i ndán tionscal de bharr caillteanas leanúnacha a d'eascair as titim i leibhéal na ndíolachán mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta i gcoitinne agus mar gheall ar ghéarchoimhlint sa mhargadh ní raibh dul as ag Údarás na Gaeltachta ach an fhochuideachta atá i gceist a dhúnadh. Tá an tÚdarás sásta nach gcuirfidh dúnadh na monarchan sin isteach ar thionscail eile sa Ghaeltacht.

An nglacfadh an tAire leis nach bhfuair na daoine a bhí ag obair sa mhonarcha seo an redundancy céanna agus a bhfuair na daoine a bhí ag obair i monarchana eile sa Ghaeltacht a dhruid cúpla mí roimhe sin?

Sa chás áirithe seo díoladh leis na hoibrithe na híocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla. Mar is eol don Teachta, má bhíonn ceist ar bith íocaíochtaí iomarcaíochta seachas na híocaiochtaí reachtúla a dhéanamh, sin ceist ar leith i ngach comhlacht agus brathann sé ar a bhfuil le fáil.

An nglacann an tAire leis go raibh an chuid is mó de na daoine a bhí ag obair sa mhonarcha seo níos lú ná 40 bliain agus nach bhfuil seans ar bith ag na daoine sin post eile a fháil, agus cad chuige nach raibh an Rialtas sásta airgead iomarcaíochta níos mó a thabhairt dóibh cosúil leis na cásanna eile sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile san tír roimhe sin? Seo an chéad mhonarcha sa Ghaeltacht nach bhfuair níos mó airgid ná an t-airgead iomarcaíochta. An nglacann an tAire leis an pointe nach bhfuil seans ar bith ag na daoine seo a bhfuil go leor commitments agus mortgages acu, deireadh a chur leis na commitments sin?

Tá mé ar aon aigne leis an Teachta agus mé ag rá gur mór is agam dúnadh na monarchan seo ach tá reachtaíocht againn sa tír seo chun ceisteanna íocaíochtaí iomarcaíochta a leagan síos. Sa chás seo is é an reachtaíocht seo a chuireadh i bhfeidhm agus is mar bhunlíne atá an reachtaíocht sin againn. Díoladh leis na hoibrithe sin na híocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla agus níl cumhacht reachtúil ar bith a chuirfeadh iachall ar éinne íocaíochtaí níos mó ná sin a dhéanamh.

An nglacann an tAire——

Níl ach ceithre noiméad fágtha.

Níl an locht ormsa faoi nár tosnaíodh ar 2.30 p.m.

Bhí mé anseo.

An nglacann an tAire leis gur eisceacht an dúnadh seo agus nach raibh Udarás na Gaeltachta ábalta a bhfiacha go léir a ghlanadh, go háirithe an banc? Ceapaimse go gcuirfidh sé sin isteach go mór ar thionscail eile sa Ghaeltacht nuair nach mbeidh na bainc sásta go mbeidh Údarás na Gaeltachta agus na comhlachtaí ábalta na fiacha go léir a ghlanadh agus gur chuir sé isteach go dtí seo ar thionsclóirí eile sa Ghaeltacht.

Ní ghlacaim leis sin. Iocadh na dliteanais dlithiúla sa chás seo, ag cloí leis an dlí, agus ní ghlacaim leis go gcuirfidh sé isteach ar thionscail Ghaeltachta eile nó ar thionscail neamh-Ghaeltacht eile.

Barr
Roinn