Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 Feb 1986

Vol. 363 No. 13

Written Answers. - Deontais Tithíochta.

99. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair a íocfar deontas tithíochta le hiarratasóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.

Déanfar an t-iarratas ón duine sin ar dheontas tógála faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) a mheas tuilleadh nuair a gheofar cruthúnas teidil i leith láithreán an tí uaidh.

100. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh iarratasóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe i dteideal deontas do theach nua óna Roinn.

Ní féidir teacht ar iarratas i mo Roinnse ón duine sin: má dhéanann sé iarratas déanfar é a mheas sa ghnáthshlí.

Barr
Roinn