Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 28 Oct 1987

Vol. 374 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Chonamara (Contae na Gaillimhe).

10. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé í gceist aige aon airgead breise a chur ar fáil an chéad bhliain eile faoin gclár um Théarnamh Náisiúnta leis na bóithre í gConamara, Contae na Gaillimhe, a dheisiú.

Faoi mar a mhínigh mé don Teach le deánaí, is í Comhairle Chontae na Gaillimhe atá freagrach go príomha as feabhsú agus cothú na mbóithre poiblí i gConamara. Tuigim ón Aire Comhshaoil nach bhfuil an soláthar a cheadófar don chomhairle chontae le caitheamh ar bhóithre i 1988 socraithe fós.

Mar is eol don Teachta, bíonn soláthar an-teoranta ar fáil do mo Roinnse le caitheamh ar bhóithre Gaeltachta: níl an bealach ina dháilfear an soláthar sin i 1988 socraithe fós ach an oiread.

Nuair a bhí mé mar bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe is minic a chuala mé nach raibh airgead a dhóthain ag an chomhairle leis an obair seo a dhéanamh. D'fhiafraigh mé den Aire Stáit sa cheist an bhfuil sé i gceist aige aon airgead breise nó airgead speisialta á chur ar fáil seachas an méid airgid a bheidh curtha ar fáil don chomhairle chontae chun caitheamh ar na bóithre mar is gnáth.

Ní thagann bóithre contae ná bóithre poiblí faoi chúram Roinn na Gaeltachta. Níl aon deontais le tabhairt ag Roinn na Gaeltachta ach do bhóithre áise agus do bhóithre portaigh sa Ghaeltacht. Sin an nós, leis, sa Roinn Comhshaoil, agus mar a mhínigh mé don Teachta sa bhfreagra, níl sé socraithe i gcóir na bliana seo cén chaoi an gcaithfear an t-airgead ar bhóithre poiblí i gConamara sa bhliain 1988.

Ach an cheist arís atá mé ag cur air ná seo, an mbeidh airgead breise speiaialta ar fáil do na bóithre i gConamara? Agus an aontaíonn an tAire Stáit liom go bhfuil deacrachtaí ar leith agus práinn ag baint le cúrsaí bóithre i gConamara faoi láthair? Ní féidir freastal ar na deacrachtaí sin as an ngnáthdheontas. An aontaíonn sé leis sin, go bhfuil gá le hairgead speisialta?

Tá gá le hairgead breise i ngach Gaeltacht agus i ngach contae. agus caithfidh an Rialtas teacht i gcabhair ar gach uile Ghaeltacht de réir mar atá an t-airgead acu le caitheamh, agus sin an chaoi a bhfuil an scéal. Ach níl an t-airgead socraithe do 1988, agus ba cheart go mbeadh a fhios ag an Teachta é féin, mar bhall den chomhairle chontae. Níl na meastacháin i gcomhair na mbóithre sa chontae glactha nó réitithe i gcomhair contae ar bith go dtí seo.

An bhfuil a fhios ag an Aire gur dhúirt sé ag Ard-Fheis Fhianna Fáil anuraidh dá mba rud é go mbeadh Fianna Fáil i gcumhacht go mbeadh ciste faoi leith ag gach comhairle chontae a bhfuil Gaeltacht faoina cúram, le feabhas a chur ar mhórbhóithre na Gaeltachta, agus an bhfuil sé ar intinn ag an Aire agus ag an Roinn an ciste faoi leith sin a chur ar bun i gContae na Gaillimhe? Dúirt sé sin ag an Ard-Fheis anuraidh.

Nuair a bheidh na meastacháin á bplé sílim go bhfuil sé i gceist go bhféadfaí an socrú sin a dhéanamh ar son na Gaeltachta. Má tá suim ag na Teachtaí iad féin agus ag na comhair-leoirí iad féin i ngach contae, tig leo an t-airgead sin a fháil ón airgead a bheidh curtha ar fáil ag an Roinn Comhshaoil le deis a chur ar na bóithre.

An bhfuil na meastacháin le haghaidh na bliana seo chugainn socraithe cheana féin, agus má tá, caithfidh go bhfuil an t-eolas ar fad ag an Aire, an bhféadfadh leis an t-eolas a thabhairt don Teach anois, cé mhéad airgid atá curtha ar fáil sna meastacháin sin le haghaidh bhóithre áise don bhliain 1988? Agus an bhfuil aon airgead breise ann? An bhfuil méadú ann?

Níor bhain an cheist seo le bóithre áise, bhain sé le bóithre poiblí sna Gaeltachtaí. Tá an tsuim chéanna leagtha amach i gcomhair bhóithre áise i mbliana; níl gearradh siar ar bith ar an deontas do bhóithre áise do na Gaeltachtaí i mbliana. Ach sin an t-aon airgead amháin atá faoi chúram mo Roinne, an t-airgead a bheidh curtha ar fáil do bhóithre áise.

Barr
Roinn