Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 28 Oct 1987

Vol. 374 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tograí Feirmeoireacht Eisc.

11. D'fhiafraigh

den Taoiseach céard iad na hiarratais ar chúnamh deontais le haghaidh tograí feirmeoireachta éisc atá ag fanacht le cead a Roinne sular féidir le hÚdarás na Gaeltachta tacaíocht airgid a thabhairt; agus, i gcás gach iarratais dóibh, cén uair ar cuireadh an t-iarratas ar aghaidh ó Údarás na Gaeltachta chuig Roinn na Gaeltachta.

Tá dhá thogra i nGaeltacht na Gaillimhe i gceist mar seo a leanas: cúnamh breise ó Údarás na Gaeltachta do Bhradán Mara Teo.; agus cúnamh ó Údarás na Gaeltachta le haghaidh feirmeacha saitilíte brádán.

Maidir le Bradán Mara Teo. fuarthas an togra i mo Roinnse ar 24 Nollaig agus fuarthas eolas breise ina leith ar 4 Meitheamh. Déanfar cinneadh sa chás go luath. Maidir leis na feírmeacha saitilíte bradán fuarthas an togra i mo Roinnse ar 24 Nollaig agus tá comhairle Roinn na Mara iarrtha ina leith.

Ní theastaíonn uaim ach cé mhéad iarratas atá curtha isteach don Roinn faoi láthair, agus iarrfaidh mé ar an Aire Stáit, an bhféadfadh sé a chur ar fáil, b'fhéidir i gcló, an t-eolas a bhí ag teastáil uaim sa cheist. Is é sin, an t-am ar cuireadh isteach na hiarratais éagsúla agus an chaoi ina bhfuil an cúrsa faoi láthair.

Níl a fhios agam. Níl an t-eolas seo agam anseo, uimhir na n-iarratas. Más é sin an t-eolas a theastaíonn uaidh tig liom é a sheoladh chuige.

An dtuigtear ó fhreagra an Aire Stáit nach bhfuil ach dhá chomhlacht i gceist maidir le hiarratas atá glactha ag an Roinn faoi láthair?

Tá iarratas glactha ó Bhradáin Mara Teo., agus táimid á scrúdú. Tá cinn eile, iarratais saitilíte mar a thugtar orthu agus tá siad sin faoi scrúdú i Roinn na Mara i láthair na huaire.

Barr
Roinn