Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 28 Oct 1987

Vol. 374 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Conradh Anois

12. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta leis an bhfreastal a dhéanann an paipéar seachtainiúil Anois ar na pobail Ghaeltachta.

13. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé i gceist aige tairiscintí a lorg ó dhreamanna a mbeadh suim acu páipéar seachtainiúil a fhoilsiú i nGaeilge, anois go bhfuil an conradh le Gael-Linn maidir le foilsiú Anois, tagtha chun críche.

Tógfaidh mé Ceisteanna 12 agus 13 le chéile. Táimse sásta gur fiú cabhair i bhfoirm deontais a thabhairt chun an nuachtán a choimeád sa tsiúl. Glacaim leis gur mór ag na foilsitheoirí suim mhuintir na Gaeltachta agus ar ndóigh, suim mhuintir na tíre go léir sa nuachtán a chothú. Is gnó dóibh féin é an aidhm sin a chur i gcrích agus ní gá go mbeinnse lán-sásta le gach a fhoilsítear sa nuachtán nó leis na hábhair a roghnaítear chun cuntais a thabhairt futhu.

I gcomhréir le téarmaí an chonartha a síníodh le Anois Teo., tá comhráití ar siúl leo maidir le conradh eile a shíniú. Táthar ag súil leis go gcríochnófar na comhráití sin go han-luath. Níl sé beartaithe tairiscintí eile a lorg ag an bpointe seo.

An bhfuil sé intuigthe ón bhfreagra atá tugtha ag an Aire go mbeidh níos mó airgid á chur ar fáil do pháipéir sheachtainiúla nó don pháipéar seachtainiúl Anois?

Tá an rud ar fad á phlé i láthair na huaire leis an Roinn agus táthar ag iarraidh teacht ar réiteach i gcóir conartha mhóir. Réiteach trí bliana a bhí ann roimhe sin, agus táimid ag iarraidh conradh eile a réiteach leis an bpáipéar Anois.

An mbeidh airgead breise á chur ar fáil ag an Roinn chun fuinneamh níos mó a thabhairt don nuachtán atá i gceist, ionas go mbeadh sé ar a gcumas, mar shampla, nuacht na háite a bheith níos leithne sa bhfoilseachán?

Sin tuairim a bhí ag daoine, nach raibh go leor de nuacht áitiúil ó thaobh na Gaeltachta sa pháipéar sin, agus bhí an moladh sin á phlé chomh maith. Ach ní bhaineann sé sin go díreach le Roinn na Gaeltachta. Sin tuairim, agus baineann sé leis na heagarthóirí iad féin an páipéar a chur i gcló i gcaoi go mbeidh sé taitneamhach do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge, i gcaoi go mbeidh díolachán níos fearr le fáil air. Ach níl sé sin i gceist sna cainteanna atá againn le Anois i láthair na huaire.

An dtuigim an tAire i gceart? An bhfuil sé ag rá go bhfuil sé ag iarraidh páipéar a chur ar fáil do na daoine sin sa tir seo a bhfuil an Ghaeilge acu agus do na daoine a labhraíonn an Ghaeilge i gcónaí sna Gaeltachtaí? An bhfuil an tAire chun an dá aidhm a shnaidhmeadh le chéile?

Sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh páipéar i nGaeilge le fáil a bheas taitneamhach do Ghaeilgeoirí agus feiliúnach chomh maith do mhuintir na Gaeltachta, agus beidh mé ag súil go ndéanfaidh na daoine atá ag plé leis an bpáipéar iarracht páipéar den chineál sin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus do na Gaeltachtaí.

Barr
Roinn