Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Mar 1988

Vol. 378 No. 10

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Scéimeanna Bhord na Gaeilge.

10. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéad airgid a chaith Bord na Gaeilge ar scéimeanna leis na nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht gach bliain ó bunaíodh an Bord.

Ní reachtálann Bord na Gaeilge scéimeanna sonracha sa Ghaeltacht de ghnáth — fágtar é sin faoi Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Bíonn baint ag an mbord le heagraíochtaí, ar nós Ghlór na nGael, an Bhiúro Oige, Ghaelscoileanna etc. a bhíonn ag gníomhú ar fud na tíre ar fad agus ní fhéadfaí an chuid sin den chaiteachas orthu a bhaineann leis an nGaeltacht a aimsiú gan mórán dua. Sa dóigh céanna bíonn seimineáir, sraitheanna léachtaí etc. á n-eagrú ag an mbord ó thráth go céile ach ní fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh go heasca ar an gcaiteachas i gceist idir ceantair Ghaeltachta agus ceantair eile.

Cén chaoi in a bhfuil cúraimí deighilte idir Údarás na Gaeltachta, mar shampla, agus Bord na Gaeilge? De ghnáth, an aontaíonn sé go bhfuil scéimeanna Bhord na Gaeilge dírithe ar limistéir taobh amuigh den Fhíor-Gaeltacht; agus chomh maith leis sin, faoi Acht 1979 níl cúram faoi leith ag Údarás na Gaeltachta scéimeanna dá leithéid a chur ar aghaidh? An aontaíonn sé go bhfuil laige san Acht agus go bhfuil méid na ndaoine sa Ghaeltachta go bhfuil an Ghaeilge á úsáid acu ag titim toisc nach bhfuil na scéimeanna ar fáil.

Tá sé de dhualgas ar an Údarás an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantair Ghaeltachta. Tá páirt ag Roinn na Gaeltachta ansin chomh maith agus tá scéimeanna ar leith ar siúl ag an Roinn agus ag an Údarás leis an ghníomh sin a chur chun cinn agus le torthaí maithe a bhaint amach. Mar a dúirt mé, baineann an obair a bhíonn á déanamh ag an mbord le ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht de ghnáth.

An aontaíonn an tAire Stáit go mbeidh airgead breise ag teastáil ó Udarás na Gaeltachta chun scéimeanna a bhaineann le cúrsaí teangan a chur ar aghaidh? Níor thug sé freagra ar an mbun-cheist — an aontaíonn sé go bhfuil laige in Acht 1979 nach ndéanann sé soiléir cén cúram i leith cúrsaí teangan go díreach atá ag an Údarás — ach fiú amháin dá mbeadh na comhachtaí acu, nach mbeadh airgead ag teastáil chun an rud sin a dhéanamh?

Tá rannóg faoi leith den Údarás a bhíonn ag plé le cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí teangan, agus tá siad ag gníomhú i gcónaí maidir le cuidiú le muintir na Gaeltachta. Bíonn, cuirimid i gcás, deontais do choistí talún, agus tá go leor scéimeanna idir lámha acu ar mhaithe le cúrsaí na Gaeilge a chur chun cinn. Tá gearradh siar — tuigimid é sin — ach mar sin féin ní shílim go gcuirfidh sé isteach ar an obair atá ar siúl ag an Údarás maidir leis an Ghaeilge a chur ar aghaidh sna Gaeltachtaí.

Barr
Roinn