Tá sé ar intinn agam freagra a thabhairt ar Cheisteanna 2, 16, 17, 23, 25, 33, 40, 42, 47, 48, 50, 51, 52 agus 58 le chéile. Tugaim faoi ndeara go bhfuil na ceisteanna sin go léir bunaithe ar éilimh a dhein Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis an Aire sa phlean a d'ullmhaíodar tamall ó shin.
Phléigh an tAire an plean seo le lucht na Comhdhála le déanaí agus chuir sé in iúl dóibh go bhfuil sé sásta na moltaí i gcoitinne a chur i bhfeidhm de réir mar is cuí áit nach bhfuilid i bhfeidhm cheana féin. Go ginearálta, tá na moltaí ag teacht le polasaí na Roinne faoi láthair. Ar bhealach, is é sin freagra ar na ceisteanna a cuireadh ach is féidir liom tagairt do na poinntí ar leith de réir a n-ord sa phlean ag an gComhdháil. Glacaim leis gurb é bunchumas cumarsáide an chéad chuspóir ba chóir a bheith le múineadh na Gaeilge.
Maidir le pleanáil, tá meitheal oibre sa Roinn, a bhfuil ionadaíocht air ó bhrainsí éagsúla na Roinne, i leith cur chun cinn polasaithe faoin nGaeilge. Tá comhchoiste ann freisin idir an meitheal oibre sin agus Bord na Gaeilge agus tá fochoiste ann den gcomhchoiste úd chun pleanáil a dhéanamh i leith scolaíochta trí Ghaeilge.
Tá Rúnaí na Roinne ceapaithe ag an Aire cun polasaí i leith na Gaeilge a chur i bhfeidhm. Beidh sé faoi cúram ag an Rúnaí polasaí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a cur chun cinn.
Ó thaobh líon na ndaltaí ag déanamh lánchúrsa Gaeilge de réir rialacha na Roinne, bunaítear eolas na Roinne ina thaobh sin ar dhearbhú foirmeálta na scoileanna.
Beidh ceist riachtanais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge agus freisin an gá go bhfreagródh an siollabas do thimpeallacht na ndaltaí dá gcur san áireamh ag an gCoiste um Aithbhreithniú Curaclam na Bunscoile atá ag obair leo faoi láthair.
Nuair bhí an siollabas nua don Teastas Sóisearach dá ullmhú, tugadh treoracha soiléire don gcoiste siollabais faoi chomhordú le siollabas Gaeilge na bunscoile. Maidir le haidhmeanna cinnte grádaithe insroichte, tá sé seo lárnach don siollabas nua don Teastas Sóisearach agus beidh sé ina n-aigne freisin ag an gCoiste um Aithbhreithniú Curaclam na Bunscoile. Mar is eol do chách anois, tá siollabas nua Gaeilge don dTeastas Sóisearach nua fógraithe anois do na scoileanna iarbhunoideachais le tosnú an bhliain seo chugainn. Is é cumas cainte agus cumarsáide a bheidh mar phríomhaidhm i gcumadh na siollabas go léir. Tá sé i gceist cúrsaí inseirbhíse a chur ar fáil le deimhniú go bhfuil tuiscint cheart ar na siollabais nua ag múinteoirí.
Tacaíonn an Roinn áit is féidir é le scoileanna chun go múinfear ábhair trí Ghaeilge.
Tá grád C ar pháipéar onóracha na hArdteistiméireachta riachtanach le haghaidh an chomórtais iontrála do na Coláistí Oideachais, maraon le pas ag scrúdú béil. Is gá go ndéanfadh gach macléinn sna Coláistí Oideachais cúrsa proifisiúnta Gaeilge d'fhonn iad a ullmhú le teagasc na Gaeilge agus le teagasc trí Ghaeilge sa bhunscoil.
Tá na cáilíochtaí acadúla atá riachtanach do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna cuimsitheacha agus i ngairmscoileanna ar aon dul i gcoitinne leis na cáilíochtaí i bpobalscoileanna. I gcás meánscoileanna is í an Chomhairle Chláraitheachta, eagras neamhspleách atá curtha ar bun go reachtúil, a leagann síos na cáilíochtaí atá riachtanach chun clárú mar mhúinteoir.
Tuigtear go bhfuil aonad amháin san Ard-Teastas Oideachais ar fáil trí Ghaeilge sna Coláistí Ollscoile faoi scáth Ollscoil Náisiúnta na hÉireann.
Bíonn aithbhreithniú leanúnach ar sholáthar cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge ar siúl idir mo Roinn-se, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais. Bíonn sé á phlé chomh maith i gcomhthéacs pleananna de chuid Bhord na Gaeilge agus, mar a mhínigh mé, tá socruithe ann a chuireann ar chumas mo Roinne dul i gcomhairle leis an mbord ar bhonn leanúnach.
Is féidir le heagraíochtaí eile ar nós Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a mbarúla a chur in iúl do cheann ar bith de na dreamanna atá agam.
Measaim gur leor na socruithe seo agus nach gá aonad foirmeálta mar a luaitear sa cheist a chur ar bun.
Cé nach dtugann an córas feidhmithe i ngach ríomhaire an "síneadh fada" san áireamh, tá bogearraí chuí ar fáil leis an áis seo. Mar sin, beidh aon trealamh ríomhaireachta a chuirfear ar fáil feasta do scoileanna ar chostas an Stáit in oiriúint lena úsáid trí Ghaeilge.