Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Nov 1989

Vol. 393 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord na Gaeilge.

9. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén uair atá sé ar intinn aige cathaoirleach a cheapadh do Bhord na Gaeilge agus na folúntais eile ar an bhord a líonadh.

Tá an cheist seo á meas i gcónaí agus déanfar cinneadh faoi go luath.

Ar son an Teachta McGinley, nach bhfuil anseo faoi láthair, ba mhaith liom a fhiafraí den Aire, os rud é nach bhfuil aon chathaoirleach ag Bord na Gaeilge ar feadh níos mó ná bliain, agus os rud é chomh maith gur gheall sé, agus gur gheall an Taoiseach don Teach a dó nó trí d'uaireanta ar a laghad go mbeadh cathaoirleach ann, an bhfuil sé in ann a mhíniú don Teach go soiléir na fáthanna nach bhfuil aon chathaoirleach luaite nó ainmnithe nó ceaptha do Bhord na Gaeilge go dtí seo?

Ceapadh mé féin i rith na bliana, tuairim is cúig mhí ó shin, agus tá go leor le déanamh agus mise ag iarraidh mé féin a chur ar an eolas maidir leis an Ghaeltacht, maidir le Bord na Gaeilge agus na heagrais dheonacha go léir. Tá mé ag déanamh mó dhíchill mé féin a chur ar an eolas sin agus níl mise ag dul a dhéanamh cinnidh ar son cinneadh a ghlacadh. Nó níl mé ag cur molta roimh an Taoiseach go dtí go mbeidh mé réidh chun é sin a dhéanamh. Chas mé le Bord na Gaeilge ar feadh cúpla uair an chloig le linn an Oireachtas i nGleann Cholmcille agus phléigh mé an cheist leo ansin.

Tá sé á plé ag an Aire le baill de Bhord na Gaeilge, ach ag an am céanna nach n-aontóidh sé gur mór an masla é don eagras iontach seo atá ag déanamh sároibre ar son fhorbairt na Gaeilge nach bhfuil aon duine ann le cúrsaí a stiúradh, nach bhfuil aon chathaoirleach nó cinnire ann?

Tá príomhoifigeach ansin agus ceaptar cathaoirleach ó chruinniú go cruinniú. Tá a fhios agam gur bord Stáit atá ann ach, mar a dúirt mé, níl mé ag dul a ghlacadh cinnidh ar son cinneadh a ghlacadh agus tá mé ag plé é seo i láthair na huaire agus glacfar cinneadh chomh luath agus is féidir.

Is dócha, a Cheann Comhairle, ón fhreagra atá tugtha aige go bhfuil sé dochreidte go mbeadh Bord na Gaeilge gan chathaoirleach agus an folúntas ann, agus ag an am céanna go mbeadh feachtas chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh á reachtáil. Nach nglacann sé go bhfuil páirt ar leith ag Bord na Gaeilge san fheachtas sin, agus an léireoidh sé don Teach cén uair a líonfar an folúntas atá i gceist?

Mar atá a fhios ag an Teachta, bíonn Gearóid Ó Tuathaigh ina chathaoirleach ó chruinniú go cruinniú. Ollamh as Ollscoil na Gaillimhe is ea Gearóid agus aithne ag an Teachtá air, is dócha. Ceapaimse féin, agus aontaím leis an Teachta, go bhfuil siad ag déanamh an-obair ansin. Mar a dúirt mé cheana, tá mé ag iarraidh mé féin a chur ar an eolas ina iomlán. Fiú amháin, cé go bhfuil ceist eile síos, ní chuireann sé sin brú orainne chun cinneadh a ghlacadh. Glacfaimid féin an cinneadh nuair a cheapaimid gur sin an t-am ceart. Chas mé le Bord na Gaeilge ar feadh cúpla uair an chloig nó níos mó agus tá mé sásta bualadh leo am ar bith agus cuidiú ar bith is féidir a thabhairt.

Ar aghaidh linn anois go Ceist 10. These are questions nominated for priority for which some 15 minutes are laid down in Standing Orders.

Barr
Roinn