Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Nov 1989

Vol. 393 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Breis Cumhachtaí do Údarás na Gaeltachta.

13. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil aon iarratas faighte aige ó Bhord Údarás na Gaeltachta ar bhreis cumhachtaí don Udarás.

Táim ag glacadh leis gur cumhachtaí breise faoi alt 9 den Act um Údarás na Gaeltachta, 1979, atá i gceist ag an Teachta. Sula bhféadfaí iarratas mar sin a chur faoi bhráid an Rialtais bheadh sé riachtanach don Údarás cás iomlán a leagan amach — na lochtanna sa chóras, na bealaí chun iad a leigheas, an costas a bheadh i gceist agus mar sin de. Faoi mar atá ráite sa Teach seo go minic cheana, níor leag an tÚdarás cás amach d'aon chumhachtaí breise faoin alt sin go dtí seo.

An raibh aon phlé ag an Aire Stáit go dtí seo le Bord an Údaráis, go foirmeálta nó go neamhfhoirmeálta faoi bhreis cumhachta a thabhairt don Údarás ag na cruinnithe a bhí acu.

Sula dtabharfaidh mé freagra ar an cheist sin, b'fhéidir gur cheart a chur in iúl don Teach go bhfuair an Roinn in 1983 litir sé líne ón Údarás ag iarraidh breis cumhachta agus, ní dóigh liom gur cheart d'eagras Stáit ar bith bheith ag iarraidh cumhachtaí tar éis litir sé líne a chur chugainn. Phléigh siad sin linn.

Sé bliana ó shin.

Tá tusa ar an taobh eile anois.

Sé bliana ó shin.

Tá muidne i gceannas anois. Phléigh siad sinn linn agus dúirt mé leo go mbeinn féin agus Aire na Gaeltachta An Taoiseach, breá-shásta ceist ar bith nó breis cumhachtaí ar bith a phlé leo, ach go gcaithfidh siad iarratas cuimsitheach a chur isteach chugainn. Caithfidh siad a chruthú dúinn go mbeidh siadsan ábalta job níos fearr a dhéanamh. De réir an eolais atá agam tá fochoiste den Údarás ag obair air seo faoi láthair agus chomh luath agus atá iarratas againn beidh muid breá-shásta é a scrúdú.

An aontódh an tAire Stáit gur cheann de na háiteanna go mbeadh an-eolas ag an Údarás air ná chomh fada agua a bhaineann sé le forbairt chúrsaí turasóireachta sna Gaeltachtaí, agus gur seo áit go bhféadfaí breathnú go fábharach ar bhreis cumhachtaí a thabhairt dóibh, go díreach mar atá tugtha cheana féin do SFADCo?

Tar éis na cuairte a thug mise ar an Ghaeltacht, chuir mé an-bhéim air, ó thaobh fostaíochta agus imirce de, go gcaithfear na hachmhainní nadúrtha a fhorbairt. Ón taobh sin de, b'fhéidir go bhfuil an Teachta McGinley ag smaoineamh ar alt a deich, mír a cúig, agus tá a fhíos aige faoi sin. Tugadh cead don Údarás ó am go ham do scéimeanna mar sin, taighde agus forbairt, staidéar féidireachta agus rudaí mar sin. Ach is dócha go bhfuil sé ag caint faoi alt a naoi, agus, má tá, beidh muidne breá-shásta iarratas cuimsitheach a scrúdú chomh luath agus tá sé faighte againn.

Nach bhfuil sé fíor gur cuireadh tuarascáil cupla bliain ó shin go dtí Roinn na Gaeltachta ón cheardchumann ina bhfuil lucht bainistíochta an Údaráis páirteach, agus nár deineadh léirmheas san tuarascáil sin ar na cumhachtaí atá ag teastáil? Chomh maith leis sin ba mhaith liom a fháil amach go beacht cathain a bheith an tuarascáil inmheánach don Údarás críochnaithe agus ar fáil don phobal?

Maidir leis an chéad cheist, ní bhfuair muidne iarratas ar bith ó Bhord Údarás na Gaeltachta.

Creidim go bhfuair.

B'fhéidir go bhfuair, ach is í an cheist atá agamsa anseo breis cumhachta don Údarás, agus, más mian leat ceist eile a chur síos nó litir a chur chugam, beidh mé sásta freagra a thabhairt don Teachta.

Ar ndóigh, cuirmid airgead ar fáil do Údarás na Gaeltachta agus b'fhéidir gur cheart dúinn a chur in iúl go bhfuilimid ag cur i bhfad níos mó airgid ar fáil i mbliana ná anuraidh, rud a léiríonn dáiríreacht an Rialtais seo faoin Ghaeltacht. B'fhéidir gur cheart an cheist a chur ar Údarás na Gaeltachta, ach más féidir liom aon eolas a fháil duit, tabharfaidh mé don Teachta é chomh luath agus is féidir.

We now proceed to deal with questions nominated for priority and they are to the Minister for Finance. May I advise the House, as I usually do, that some 15 minutes only are provided for Questions for Priority. I appeal to Members to co-operate with me in disposing of the five questions before us today.

Barr
Roinn