Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Nov 1989

Vol. 393 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comharchumainn Ghaeltachta.

12. D'fhiafraigh

den Taoiseach céard é polasaí an Rialtais maidir le Comharchumainn Ghaeltachta ag forbairt portaigh sa Ghaeltacht.

Is d'fhonn freastal go príomha ar chainteoirí Gaeilge agus chun daoine eile ina gceantair fheidhme a mhealladh ar ais i dtreo na Gaeilge a chuirtear cúnamh ar fáil ó mo Roinnse faoi Scéim na gComharchumann. Tugtar cúnamh do chomharchumainn Ghaeltachta a bhíonn ag plé le forbairt iomlán a gceantar feidhme — forbairt eacnamaíoch agus sóisialach chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir dhúchais. Is ceist í do gach comhar-chumann plé le cibé gníomhaíochtaí a cheapann siad a chabhróidh le forbairt a gceantair fhéin.

Ba maith liom an cheist seo a chur ar an Aire Stáit, mar baineann sí go díreach le forbairt portach. An mbeadh sé sásta na bunchoinn-íollacha a chur os comhair an Tí? Ach ba mhaith liom a fhiafraí de chomh maith, ar díríodh a aird ar dheacrachtaí ar leith maidir le forbairt portach i gConamara?

Ní thagann cúraimí fhorbairt portach faoi scáth mo Roinnse, agus is ceist í sin do Bhord na Móna agus don Aire Fuinnimh. Ach cuireadh na ceisteanna sin ormsa agus os rud é go bhfuil cúraimí na Gaeltachta orm thug mé aird ar an gceist. Thug mé cuairt ar an cheantar sin i mí Meán Fómhair i mbliana agus ní amháin gur thug mé cuairt ar an cheantar sin, ach chas mé le cairde na Gaeltachta thart faoina naoi a chlog maidin amháin, agus an tráthnóna sin chas mé leis an chomharchumann. Mhol mé, os rud é go bhfuil easaontas áitiúil ansin, gur cheart don dá dhream teacht le chéile. Ghlac siad leis an mholadh sin.

Os rud é go raibh an dea-chomhairle tugtha ag an Aire Stáit, an bhfuil a fhios aige aon rud faoin chás faoi láthair; agus an bhfuil sé sásta nach bhfuil aon chonstaicí curtha os comhair na forbartha atá i gceist, is cuma cén dream atá páirteach ann?

Mar a dúirt mé, mhol mé don dá dhream teacht le chéile. Níor tháinig ceachtar den dá dhream ar ais chugam agus níl a fhios agam an raibh aon chruinniú acu. Mhol mé dóibh cruinniú a bheith acu taobh istigh d'achar gearr. Níl a fhios agam ar bhuail siad lena chéile nó nár bhuail. Níl tuarascáil ar bith le fáil uaimse, ach caithfear a rá nach bhfuil freagracht ormsa maidir le cúrsaí inmheánacha comharchumainn ar bith.

Is ceist í sin don dá dhream atá ansin. Tá cúraimí na Gaeltachta orm agus beidh mé sásta rud ar bith gur féidir liom a dhéanamh chun deireadh a chur leis an easaontas sin.

Os rud é go mbíonn cruinnithe do dhreamanna éagsúla ar an oileán sin agus nach n-éiríonn leo corruair, an mbeidh an tAire Stáit sásta tuarascáil a chur chugam féin faoi conas atá at éirí leis na moltaí atá curtha aige os comhair na ndreamanna éagsúla?

B'fhéidir go dtiocfadh liom a iarraidh ar an Teachta Higgins a dhícheall féin a dhéanamh chun an dá dhream a thabhairt le chéile. Níl a fhios agam faoin tuarascáil a chur ar fáil, ach beidh mé sásta bualadh leis an Teachta am ar bith chun an cheist a phlé.

Is iad na deacrachtaí is mó a bhaineann le forbairt portach ná na bóithre cearta a dhéanamh isteach go dtí na portaigh. An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl dúinn an bhfuil sé ar intinn aige aon scéim speisialta a chur ar bun ar mhaithe le bóthar a dhéanamh isteach go dtí na portaigh sa Ghaeltacht?

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá airgead ar fáil chun bóithre áise a chóiriú, agus ní féidir leis an chomhairle chontae airgead a chur ar fáil le haghaidh na mbóithre sin. Tá ciste, ceapaim, ag Bord na Móna, ach beidh mise breá-shásta breathnú ar iarratas ar bith ó áit ar bith sa Ghaeltacht chun airgead a chur ar fáil chun na bóithre sin a chóiriú.

Barr
Roinn