den Taoiseach cén méid airgid a fuair Roinn na Gaeltachta ón gcrannchur náisiúnta i rith na bliana reatha; agus cén chaoi ar dáileadh an t-airgead sin.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fáltais an Chrannchuir Náisiúnta.
Faoi mar a sonraíodh sa ráiteas a leag an tAire Airgeadais faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar 21 Samhain, tá suim de £2.868 milliún curtha ar fáil do Roinn na Gaeltachta i mbliana ó fháltais an chrannchuir náisiúnta. Tá £0.2 mhilliún de sin nach bhfuil dáilithe fós agus cuirfear tábla timpeall leis an Tuairisc Oifigiúil ag léiriú conas mar a dáileadh an £2.668 milliún.
Roinn na Gaeltachta
Dáileadh soláthar nua ón gcrannchur do 1989 mar a leanas
£ |
|
Bord na Gaeilge |
1,178,000 |
Eagrais dheonacha Gaeilge |
1,180,000 |
Cumann na bhFiann |
100,000 |
Eagraíochtaí na Scoileanna Gaeltachta |
30,000 |
Oidhreacht Chorca Dhuibhne |
40,000 |
Glór na nGael |
110,000 |
Tionscadal na Gaeilge (Tiobraid Árann ag Labhairt) |
30,000 |
Iomlán |
2,668,000 |
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit ar son an eolais. Ní raibh sé agam agus is dóigh go bhfaighidh mé ina dhiaidh seo é. An bhféadfadh sé a rá an bhfuil ghluaiseachtaí uile na Gaeilge ag brath ar airgead ón gcrannchur náisiúnta anois faoi choinne iad a airgeadú ó bhliain go bliain?
Anois tá an t-airgead do Bhord na Gaeilge agus do na heagraisí deonacha go léir ag teacht ón gcrannchur. B'amhlaidh anuraidh agus i mbliana, agus de réir na Meastachán atá anois ar fáil, is amhlaidh a bhéas an bhliain seo chugainn chomh maith.
An bhféadfadh an tAire a rá cathain a chuirfear in iúl do na gluaiseachtaí cad é an méid a bhéas le fáil acu? Má thugtar an scéal dóibh go mall sa bhliain, bíonn sé iontach deacair orthu pleanáil i gcomhair na bliana. An bhféad-faí an scéal a thabhairt dóibh go luath sa bhliain?
Glacaim leis an bpointe atá á dhéanamh ag an Teachta McGinley agus déanfaidh mé mo dhícheall é seo a chur in iúl do na heagraisí go léir chomh luath agus is féidir san athbhliain.