Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 6 Dec 1989

Vol. 394 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhairle Airí na nOileán.

9. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil Comhairle Airí na nOileán ag gníomhú go fóill; cén bhallraíocht atá ar an chomhairle; agus cé na pleananna atá acu le saol níos fearr a chur ar fáil do mhuintir na n-oileán.

Ar dtús ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Teachta McGinley as ucht an ndualgaisí eile atá aige anois ar nós na n-oileán agus guím rath Dé air agus tá súil agam go mbeidh comhoibriú idir an bheirt againn maidir leis an gceist sin agus maidir le coiste na n-oileán.

Os rud é go bhfuil malairt dualgais ar chuid de na comhaltaí a bhí ar an gCoiste Airí agus duine amháin acu nach bhfuil san Oireachtas a thuilleadh, tá comhairle á ghlacadh leis na hAirí agus na hAirí Stáit cuí chun go n-athbhunófaí an coiste seo. Tá súil agam go rachaidh an coiste athbhunaithe i mbun oibre go luath san athbliain agus déanfar ráiteas ag an am sin faoi bhallraíocht an choiste agus a théarmaí tagartha.

Dé réir an méid a bhí le rá ag an Aire níl comhairle ná coiste ar bith ag gníomhú ó bhí an toghchán ann. An bhféadfaidh an tAire a rá ar chuir an coiste a bhí ann pleananna nó moltaí ar bith ar fáil maidir leis na hoileáin? An raibh cruinniú ar bith acu le Comhairle na nOileán?

Tar éis bhunadh an choiste sin, agus mé féin a bhí ina rúnaí air, chasamar le Comhdháil na nOileán cúpla uair. Chasamar leo uair ar bith a raibh siad i mBaile Átha Cliath. Chas mise le ionadaithe agus mé ag taisteal tríd an Ghaelthact. Chuireamar tuairisc ar fáil an tráth sin agus chuidigh an Roinn Comhshaoil linn chuige seo. Tá an tuairim sin anois i lámha na beirte oifig-each forbartha tuaithe, agus tá siad ag baint lán-úsáid as. Beidh siad san ag cur tuarascáil ar fáil don Roinn Talmhaíochta ina dhiaidh seo agus beidh siad ag lorg airgid ón Eoraip d'fhonn na hoileáin a fhorbairt.

An bhféadfadh an tAire a rá go cruinnn cén uair a bhfuil sé ar intinn aige an coiste nua a bhunadh? An mbunófar é roimh dheireadh na bliana seo nó an amhlaidh nach ndéanfar é go dtí an athbhliain?

Nuair a thug mé freagra ar an Teachta roimhe seo dúirt mé nach raibh a leithéid de choiste ann. Tá mé féin, áfach, ag feidhmiú mar an choiste, beagnach, os rud é go bhfuil dualgaisí na n-oileán agus na Gaeltachta ormsa. Tá mé cinnte go mbunófar go luath san athbhliain é, i mí Eanáir nó i mí Feabhra.

Barr
Roinn