Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 Jan 1990

Vol. 395 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Clár Tógála Réamh-Mhonarchana.

Dinny McGinley

Ceist:

4 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil clár tógala réamhmhonarchan ag Údarás na Gaeltachta don bhliain 1990; cé méid airgid atá curtha ar fáil don obair sin; agus cén áit a mbeidh na réamh-mhonarchana lonnaithe.

Bíonn tógáil agus athchóiriú ar fhoirgnimh ar siúl go leanúnach ag an Údarás. Is as airleacan agus ó theacht isteach a ghineann an t-Udarás féin a mhaoinaítear an obair sin. Tá £3.432 mhilliún curtha ar fáil mar airleacan san Meastacháin do 1990. Tuigim ón Údarás go meastar go gcaithfear breis is £3 mhilliún ar thógáil i mbliana agus go gcríochnófar réamhspás de thart ar 3,500 méadar cearnach in iomlán roinnte mar seo a leanas:

Ceantar

Méadar Cearnach

An Bun Beag, Co. Dhún na nGall

2,000

Ait Úí Chonáin, Co. Mhaigh Eo

1,134

Ros a' Mhíl, Co. na Gaillimhe

300

An Rinn, Co. Phort Láirge

100

An bhfuil aon phleananna ag an Údarás réamh-mhonarcha a thogáil ar aon cheann de na hoileáin Ghaeltachta?

Mar a dúirt mé, tháinig an t-eolas atá agam ó Údarás na Gaeltachta. Chuir siad clár tógála os mo chomhair amach i dtús na bliana. Tá sé beagnach glanta agam anois agus is ceist é sin don Údarás. Cé go bhfuilimid ag caint faoi na réamh-mhonarchana anseo, chomh maith leis sin tá go leor daoine ag fáil chuidiú ón Údarás chun a monarchana féin a chur ar fáil. Ní hé sin le rá gurb é sin deireadh an scéil maidir le spás sna Gaeltachtaí, ach chun freagra a thabhairt ar cheist an Teachta, beidh mé sásta í a phlé leis an Údarás. Níl mé cinnte faoi na pleananna atá acu maidir leis na hoileáin ach labhróidh mé leo futhu.

Tá sé tábhachtach go dtógfaí monarchana ar na hoileáin agus go mbeadh páirtíocht ag an Údarás iontu ó tharla go bhfuil an imirce as na ceantair chomh hard sin. Tá áthas orm a chloisint go mbeidh an tAire ag teagmháil leis an Údarás maidir le ceist na n-oileán.

Táimid ag cur béime anois ar na hachmhainní nádúrtha agus ar ard-teicneolaíocht. Tá an lá caite gur féidir linn bun-ábhair a allmhairiú go dtí áiteanna iargúlta sa tír agus iad a onnmhairiú ansin. Tá sé ró-chostasach. Táimid sa mhargadh saor agus beimid i 1992. Má tá achmhainní nádúrtha ansin agus monarchana de dhíth orthu, beimid sásta tabhairt faoi sin.

Ar aghaidh le ceist eile anois. Ceisteanna ar sonraíodh uain dóibh. Ceist 5 chun an Aire Oideachais. We have come to deal with questions nominated for priority. Again, I must remind the House that a quarter of an hour only is laid down in Standing Orders for the disposal of these questions. I require the co-operation of all concerned to dispose of the five questions involved and I expect that co-operation will be forthcoming.

Barr
Roinn