Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 13 Feb 1990

Vol. 395 No. 6

Written Answers. - Gaeltacht Roads.

Jimmy Deenihan

Ceist:

70 Mr. Deenihan asked the Taoiseach the total amount of money allocated towards the maintenance and repair of Gaeltacht roads in County Kerry during 1989; the roads on which the money was spent; and the total amount of money spent on each road.

Íocadh £36,081 ó Vóta Roinn na Gaeltachta i 1989 mar chabhair chun bóithre i nGaeltacht Chiarraí a dheisiú agus a fheabhsú. Tá liosta de na bóithre i gceist leis seo.

Bóithre i gCo. Chiarraí a fuair cúnamh ó Roinn na Gaeltachta i 1989.
1. Bóthar áise go teach Sheosaimh Uí Mhóráin Uasal. Bunavalla, Cathair Dhónaill: £2,250;
2. Bóthar áise go teach Phádraig Uí Bhraonáin Uasal, Rathkerin, An Gleann, Imleach Mór: £4,725;
3. Bóthar áise go teach an Uasail Patrick Carey, Caherbarna, An Coireán: £5,681;
4. Bóthar áise chomh fada le teach an Uasail Micheál Ó Súilleabháin, Baile na hAbhann, An Gleann, Imleach Mór, agus taobh thiar de: £5,625;
5. Bóthar portaigh ag Baile Ghainín Beag, Baile na nGall, thar teach Thomáis Uí Bhric Uasal: £1,500;
6. Bóthar go tithe Uí Mhuircheartaigh agus Uí Chonchúir ag Baile Uí Chráin, Baile na nGall: £1,500;
7. Bóthar thar teach S. Uf Chléirigh Uasal, ag Baile Mín Traint, Baile Mór, Ceann Trá: £1,200;
8. Bóthar portaigh ag Cam Amhais: £1,000;
9. Bóthar ceangail ag teach S. Uí Mhurchú Uasal, Baile Uf Dhuinn, An Clochán: £2,000;
10. Bóthar go tithe an Uasail M. de Hóra agus daoine eile ag Baile an tSlé, Ceann Trá: £1,600;
11. Bóthar go teach M. Uí Bheaglaoi Uasal, Baile na bhFionnúireach, Baile na nGall: £3,000;
12. Bóthar áise ag Cill Mhic a'Domhnaigh, Ceann Trá (S. O Luing Uasal): £1,200; agus
13. Bóthar ag Ceathrú, Dún Chaoin, go teach A. Uí Mhuircheartaigh Uasal: £2,300.

Pádraic McCormack

Ceist:

71 Mr. McCormack asked the Taoiseach the total amount of money allocated towards the repair and maintenance of Gaeltacht roads in County Galway during 1989; the roads on which money was spent; and the amount of money spent on each road.

Íocadh £70,000 ó Vóta Roinn na Gaeltachta i 1989 mar chabhair chun bóithre i nGaeltacht na Gaillimhe a dheisiú agus a fheabhsú. Chomh maith leis sin íocadh £2,500 i 1989 i leith bóthair amháin ar ceadaíodh cúnamh ina leith i 1988. Tá liosta de na bóithre i gceist leis seo.

Bóithre Áise 1989 — Gaillimh.
1. Bóthar Leitir Caladh Ó Thuaidh: £4,000*;
2. Bóthar Seanachomheas, Leitir Mór: £2,500*;
3. Bóthar Ailbhín, Béal an Daingin: £3,500*;
4. Bóthar go dtí teach an Uasail Barry Ó Gríofa, An Cheathrú Rua: £2,500*;
5. Bóthar go Teach Máirtín (Dan) Bóthar Buí, An Cheathrú Rua: £1,500;
6. Bóthar an Briceamhannadh, Ros an Mhíl: £3,000*;
7. Bóthar go teach Mháirtín Uí Churráin Uasal, Aille, Indreabhán: £2,000*;
8. Bóthar ó Scoil na Minna go teach Sheáin Uí Chuinn Uasal, Gleannán, Indreabhán: £3,000*;
9. Bóthar Teach Mór, Indreabhán, go dtí an fharraige: £3,000*;
10. Bóthar Leitir Deisceart ó phríomhbhóthar Chárna/Muighros go dtí teach Mhicheál Uí Mhaoilchiaráin (Nora) Uasal: £2,0005;
11. An bóthar ó Chrosbhóthar Mhuighros go dti Más (Half-Mace), Carna: £10,000*;
12. Bóithre ag Ros Muc: (a) Cuarbhóthar Turlach, (b) Bóthar Chill Bricin, (c) Bóthar Snábó: £12,000*;
13. Bóthar Leitir Fir chomh fada le teach Sheáin Breathnach Uasal: £3,000;
14. Bóthar Dhoire Locháin ó theach Shéamuis Uí Churráin Uasal go dtí an portach: £4,000;
15. Bóthar portaigh ag Loughchip, Bearna: £3,000;
16. Bóthar contae ó Chill Éinne go dtí Cill Ronáin, Inis Mór Árainn: £10,000*;
17. Géag ar an mbóthar áise go dtí teach Pheadair Uí Fhatharta Uasal, Coill Rua Thiar, An Spidéal: £1,000;
18. Bóthar go dtí eastát tionscail na Ceathrún Rua (ceadaithe i 1988): £2,500*.
* Ar choinníoll go seasfadh an chomhairle contae fuílleach an chostais.
Barr
Roinn