Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 6 Mar 1990

Vol. 396 No. 6

Written Answers. - Coláiste Gaeilge Samhraidh.

Dinny McGinley

Ceist:

75 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil aon phlean aici leis an táille teagaisc a íoctar leis na coláistí Gaeilge Samhraidh a ardú.

Tá mo Roinn faoi láthair ag iniúchadh na ceiste, an féidir breis airgid a chur ar fáil i mbliana ón gcrannchur náisiúnta chun na táillí teagaisc a ardú. Níl, ámh, cinneadh déanta go fóill faoi dháiliú an airgid.

Barr
Roinn