Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 28 Mar 1990

Vol. 397 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúnamh do Thograí i gContae na Gaillimhe.

Enda Kenny

Ceist:

3 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Taoiseach cé mhéid airgid a tugadh do gach comhlacht agus comharchumann Gaeltachta i gContae na Gaillimhe le trí bliana anuas; agus an bhfuil sé sásta gur comhlíonadh coinníollacha íoctha an airgid sin i ngach cás.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, foilsítear eolas faoin gcúnamh a thugtar do thograí i dtuarascálacha bliantúla na heagraíochta, a leagtar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Is gnó don Údarás é féin a shásamh go gcomhlíontar na coinníollacha faoina gceadaítear cúnamh in aon chás ar leith agus chuige sin bíonn comhaontú deontas idir an eagraíocht agus gach deontaí.

Cuirfear sonraí faoin gcúnamh a thug mo Roinn féin do chomharchumainn i nGaeltacht na Gaillimhe timpeall i bhfoirm tábla sa Tuairisc Oifigiúil. Ní heol dom nach bhfuil na coinníollacha a bhain leis na deontais atá sonraithe á gcomhlíonadh.

Má tá cás nó cásanna ar leith i gceist ag an Teachta, beifear sásta iad a fhiosrú ach eolas ina thaobh nó ina dtaobh a fháil uaidh.

Tábla

Cúnamh do Chomharchumann Ghaeltachta i gContae na Gaillimhe

An Comharchumann

1987

1988

1989

£

£

£

Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo

46,500

26,850

31,850

Comharchumann Inis Meáin Teo

37,500

27,000

31,700

Comhar Caomhán Teo (Inis Oírr)

48,600

33,000

28,000

Comharchumann Chonamara Thiar Teo

1,790

35,000

55,000

Comharchumann Shailearna Teo

39,000

20,000

20,000

Fiontar na nOileán Teo

13,000

7,000

3,000

An bhfuil an tAire sásta leis na coinníollacha?

Dúirt mé cheana féin go bhfuil mé sásta. Ach, má tá deacracht ar bith faoi seo nó má tá barúil ag Teachta ar bith nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, ba cheart do an t-eolas sin a thabhairt dom agus beidh mé sásta scrúdú a dhéanamh air.

Barr
Roinn