Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 28 Mar 1990

Vol. 397 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cistí an Chomhphobail Eorpaigh.

Michael D. Higgins

Ceist:

2 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach céard iad na tionscnaimh sa Ghaeltacht a bhfuil cúnamh airgid le fáil acu ón gCiste Réigiúnach agus ón gCiste Struchtúrtha de chuid an Chomhphobail Eorpaigh in (a) 1990, (b) 1991 agus (c) 1992.

Is ar bhonn clár seachas ar bhonn tionscnamh atá na cláir éagsúla d'fhonn cúnamh a fháil ó Chistí Struchtúrtha an Chomhphobail Eorpaigh (an Ciste Réigiúnach san áireamh).

I gcás Údarás na Gaeltachta, tá an cúnamh ón gComhphobal Eorpach don Ghaeltacht léirithe go príomha sa chaibidil dar teideal "Industrial Development in the Gaeltacht" agus i gcaibidlí eile sa Chlár d'Fhorbairt Tionscail 1989-1993. Suim £18.1 mhilliún don tréimhse 1989-1993 atá leagtha síos don Údarás ón gCiste Réigiúnach don chlár a léirítear sa chaibidil dá dtagraítear thuas. Beidh tuilleadh cúnaimh le fáil ag an Údarás faoi na bearta i gcaibidlí eile. Mar shampla, tá suim £4 mhilliún don tréimhse 1990-1993 leagtha síos don Údarás ón gCiste Sóisialta.

Cuirfear airgid Stáit ar fáil don Údarás in aghaidh na bliana sa ghnáthbhealach trí Vóta Roinn na Gaeltachta agus mar airleacain. Tabharfar eolas i dtuarascálacha bliantúla na heagraíochta sin faoin gcúnamh a bhfuair cuideachtaí éagsúla ón Údarás.

Ar ndóigh, beidh cúnamh ar fáil don Ghaeltacht freisin faoi chláir eile, mar shampla, Clár le haghaigh Turasóireachta agus Clár d'Fhorbairt Tuaithe.

Is oth liom a rá, tar éis freagra an Aire Stáit a chloisteáil, nach bhfuil freagra ceart tugtha aige ar an cheist a chuir mé síos ar an chlár inniu. Is é sin, bhí eolas ag teastáil uaim ar na tionscnaimh sa Ghaeltacht. Anois, is féidir sin a dhéanamh. An bhfuil an tAire Stáit sásta an cheist a fhreagairt mar atá sé curtha síos ar an chlár, is é sin, na tionscnaimh a ainmniú do na blianta atá luaite sa cheist. Chomh maith le sin, ar cuireadh moltaí dearfa i leith, mar shampla, chúrsaí bóthair, cúrsaí farantóireachta do na hOileáin Árann, mar shampla, na cuanta, agus mar sin de, ar aghaidh go dtí an Eoraip, nó nár cuireadh? Ar cuireadh don phlean dearfa faoi seo?

Níor chuir muidne, mar Roinn na Gaeltachta, na pleananna ar aghaidh díreach chuig an Eoraip, ach geallaim don Teachta go bhfuil a lán tograí curtha ar aghaidh againn chuig na Ranna Stáit ar nós an Roinn Talmhaíochta agus Bia agus an Roinn Turasóireachta agus Iompair maidir leis na muiroibreacha. Tá sin uilig curtha ar aghaidh againn agus tá súil agam go bhfaighimid an oiread cuidithe agus is féidir chun feabhas a chur ar na muiroibreacha sin, agus chun an méid airgid agus is féidir a fháil.

Ba mhaith liom an cheist a shoiléiriú beagán. Is féidir liomsa an t-eolas atá tugtha ag an Aire a fháil amach ag am na díospóireachta ar na Meastacháin éagsúla do na Ranna a luaigh sé, ach baineann mo cheist go díreach agus go simplí le tionscnaimh sa Ghaeltacht. Is é an t-eolas a bhí á lorg agam ná, cá hiad na tionscnaimh a bhfuil cúnamh airgid le fáil acu ó na Cistí Réigiúnacha nó Struchtúrtha sna blianta 1990, 1991 agus 1992. An bhfuil sé sásta an t-eolas sin a thabhairt dom nó nach bhfuil?

Mar a chuir mé in iúl, tá go leor tograí curtha ar aghaidh againn chuig na Ranna Stáit eile. An féidir leis an Teachta a chur in iúl dúinn go cruinn cad é go díreach atá ag teastáil uaidh. B'fhéidir go bhfuil eolas ag an Teachta nach bhfuil agam féin. Tá mise sásta go bhfuil sé seo curtha ar aghaidh agus beidh mé féin mar Aire Stáit, le cúraimí na Gaeltachta, ag déanamh mo dhíchill chun chéadchodán den airgead seo a fháil don Ghaeltacht.

Deir an tAire Stáit go bhfuil scéimeanna áirithe airgid á gcur ar fáil ón gCiste Réigiúnach agus ón gCiste Struchtúrtha. An bhféadfadh sé a rá go díreach an bhfuil aon straitéis fhorbartha i gceist sna moltaí a cuireadh ar aghaidh? Sílim go n-aontódh an tAire go bhfuil géarghá le straitéis fhorbartha. Cad iad na príomhachtaí atá aige maidir le forbairt na Gaeltachta? An bhfuil an t-airgead ag dul fríd agus na socruithe le déanamh, nó an bhfuil na socruithe déanta cheana féin? Cén uair a chaithfear an t-airgead?

Tá sé cosúil leis an micro agus an macro. Tá sé uilig curtha againn. Mura bhfaighimid an t-airgead go léir beidh orainn ansin cinneadh a ghlacadh maidir leis an háiteanna éagsúla.

An bhfuil pleananna réidh?

Tá na tograí uilig i bhfoirm pleain curtha ar aghaidh.

An bhfuil cóip den phlean ar fáil?

Níl. Sin rud a bhaineann le taobh istigh de Roinn na Gaeltachta.

An raibh baint ag an Údarás leis an phlean?

Bhí baint ag an Údarás——

(Cur isteach.)

An tAire gan cur isteach.

Déanfaidh mé machnamh ar an scéal agus, más féidir liom é a thabhairt, déanfar é.

Barr
Roinn