Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 29 May 1990

Vol. 399 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice do Oileán Thoraigh.

Dinny McGinley

Ceist:

4 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach cad é an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar aerstráice a chur ar fáil d'Oileán Thoraigh.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil breithniú á dhéanamh acu i gcónaí ar an gceist maidir le aerstráice a thógáil ar Thoraí.

Cuirtear seirbhís héileacaptair ar fáil do mhuintir an oileáin le cúnamh fial ón Údarás i rith na dtréimhsí is measa den gheimhreadh-earrach. Tá scrúdú ar siúl ag an Údarás faoi láthair d'fhonn áiteanna tuirlingte sábháilte a aimsiú agus a chur in oiriúint don héileacaptar ar an oileán agus ar an tír mór. Táthar ag súil go mbeidh na saoráidí nua ar fáil in am do thosú na seirbhíse don gheimhreadh seo chugainn.

Ní gá dom a chur in iúl don Aire Stáit, mar bhí sé féin ansin nuair a láinseáileadh plean forbartha don oileán beagnach bliain go leith ó shin, gur ceann de na príomhphointí sa phlean sin ná aerstráice a chur ar fáil don oileán agus agus go gcuirfí talamh agus suíomh ar fáil chuige sin. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá an bhfuil dul chun cinn ar bith déanta ar an aerstráice féin? Tá sé go mór ag teastáil ó mhuintir an oileáin. Cad é an scrúdú atá déanta ag Údarás na Gaeltachta agus cad é an staid ag a bhfuil an scrúdú sin agus cathain a bheidh a fhios againn an bhfuil siad chun dul ar aghaidh leis an aerstráice nó nach bhfuil?

Tá stair fhada ag baint leis an gceist seo, ag dul ar ais go dtí 1974. Mar gheall ar an scéal faoi láthair, tá sé á scrúdú ag Údarás na Gaeltachta, mar a dúirt mé sa bhfreagra, agus tá na riachtanais agus na deiseanna á gcur san áireamh mar chuid den staidéar atá á dhéanamh ag comhairleoirí turasóireachta ar son an Údaráis i nGaeltacht Dhún na nGall. Chomh maith leis sin, má tá aerstráice le bheith ar fáil ar an oileán agus ceann eile ar an mhórthír, caithfidh an tÚdarás cinnte a dhéanamh de go mbeidh eitleán ar fáil ionas go mbeidh seirbhís rialta ann. Idir an dá linn tá Údarás na Gaeltachta ag cur £33,000 ar fáil gach bliain chun seirbhís héileacaptair a sholáthar. Tá a fhios agam na deacrachtaí atá ag muintir Thoraigh agus is eol dom an plean forbartha atá réidh acu. Taobh istigh den teorainn airgid atá againn, déanfaidh mise mo dhícheall chun gach cuidiú a thabhairt do mhuintir an oileáin sin.

Nach soiléir le fada go bhfuil droim láimhe tugtha ag an Rialtas don aerstráice seo agus nach bhfeiceann an tAire go gcosnaíonn sé níos mó seirbhís héileacaptair a chur ar fáil ná mar a chosnódh sé le eitleán eile, go mbeadh sé níos deacra fónamh do mhuintir an oileáin le héileacaptair, agus gur fearr agus gur minicí go mór an tseirbhís a d'fhéadfaí a chur ar fáil le aerstráice agus eitleán seachas héileacaptair, agus, mar a dúirt mé nach amhlaidh go bhfuil an Rialtas ag tabhairt droim láimhe do mhuintir an oileáin sa bheartas atá ar siúl acu?

Tuigfidh an Teachta go bhfuil costas mór ag baint le aerstráice a chur ar fáil ansin, agus is féidir leis na héileacaptair dul isteach i rith an gheimhridh nuair nach mbeadh eitleán beag ábalta dul isteach ann. Duine ar bith sa Teach seo a bheadh ag caint fúinne gan tacaíocht a thabhairt do Oileán Thoraigh, b'fhéidir gur cheart dó ceist a chur síos faoi fhorbairt ghinearálta, agus an cheist a chur síos é féin, agus tabharfaidh mise na freagraí dó agus inseoidh mise cén Aire Airgeadais a bhí ann ag an am sin nach raibh sásta airgead a chur ar fáil chun staidéar a dhéanamh ar Oileán Thoraigh.

Nach bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil sé i bhfad níos fusa seirbhís a chur ar fáil leis an saghas eitleáin atá anois ar fónamh ar Oileán Árainn, mar shampla, ná mar atá le héileacaptar, agus gur fearr go mór an tseirbhís sin in aimsir ghaoithe ná seirbhís le héileacaptar? Agus nach mbeadh braon beag cúnaimh in a chroí aige do mhuintir an oileáin chun seirbhís a chur ar fáil níos rialta sa gheimhreadh ná mar atá i gceist aige féin?

Tá an fhírinne searbh.

Tá, go cinnte.

Nuair a d'iarr Aire na Gaeltachta ar an Teachta mar Aire Airgeadais airgead a chur ar fáil do mhuintir Thoraigh, ní raibh sé——

Sin an seanstair agus an seanscéal a bhíonn ag an Aire Stáit i gcónaí.

Sin an fhírinne.

Táimid ag caint faoi Thoraí 1990.

Ní raibh seisean sásta airgead a chur ar fáil do mhuintir——

Tá mé ag dul ar aghaidh go ceisteanna eile.

Barr
Roinn