Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a ghabháil leat, a Cheann Comhairle, as ucht an seans a thug tú dom an cás seo a thógáil. Tá práinn ag baint leis an chás seo, mar is cuimhin liom go raibh seans againn an rud a phlé nuair a bhí an Teach ag imeacht ar athló, an 4 Bealtaine 1989, agus tá tagairt déanta dó sin sa Tuairisc Oifigiúil, colún 1394, Imleabhar 389. Ag deireadh na díospóireachta ar an ócáid sin, dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Oideachais, an Teachta Fahey: "I agree completely with the Deputy in the case he has made in regard to this school." Agus téann sé ar aghaidh:
The facilities in all the technical subject rooms are obsolete. I accept that many of the science subjects are taught in general subject rooms. Physics and chemistry are taught in classrooms that do not have any facility for practical work. French is being taught in the metalwork room. In general, the accommodation in this school is grossly inadequate. We have reached tender stage, but while I am anxious to accede to the Deputy's request to put the project out to tender, it is not possible for me to do so, or to say when we will be able to take the next step.
Sa mhí chéanna thug an tAire Stáit le tuiscint do na tuismitheoirí go mbeadh na feabhsúcháin ar an scoil ar siúl, sin an 4 Bealtaine 1989. Ina dhiaidh sin, sa Tuairisc Oifigiúil de 27 Márta 1990, ag colún 1217, imleabhar 397, chuir mé ceist, Uimh. 175, ar an Aire Oideachais agus dúirt sí:
Chomh luath is a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe, tiocfar ar bhreith maidir le hiarratas tógála na scoile.
Is é sin an gheallúint a bhí tugtha ag an Aire Stáit do na tuismitheoirí agus do na múinteoirí, go mbeadh na feabhsúcháin curtha i gcrích. Ní raibh said ann i mí na Márta 1990. Bhí cruinniú againn go léir leis na tuismitheoirí agus le muintir na háite roimhe sin i 1989. Ar an 5 Nollaig 1989, scríobh cathaoirleach thuismitheoirí Ghairmscoil Cholmchille chuig an Uasal Cathal Ó hEochaidh, Aire na Gaeltachta:
A Aire Uasail,
Mar is eol duit, bhí cruinniú ag an gCoiste Tuismitheoirí leis an Aire, Proinsias Ó Fathaigh, TD, fé dhó agus freisin, fé dhó, leis an Aire Oideachais maidir le leathnú na gairmscoile thuasluaite.
Mar sin féin, tá an-imní fós ar na tuismitheoirí go léir maidir leis an éiginnteacht a bhaineann leis an gcás seo uilig.
Mar sin is uile, iarraimid anois ortsa agus ar Aire an Oideachais, Máire Bn. Uí Ruairc, TD, comh-chruinniú a shocrú idir an Coiste Tuismitheoirí agus an bheirt Aire, Aire na Gaeltachta agus Aire an Oideachais.
Bheadh muid an-bhuíoch as ucht seo a chur ar fáil dúinn chomh luath agus is féidir, ach é bheith roimh an Nollaig.
Mise le meas,
Ruaidhrí Ó Tuathail.
Táimid ag caint faoi láthair faoi scoil, an t-aon ghairmscoil i gcroí na Gaeltachta, áit inar tógadh Máirtín Ó Cadhain, mar shampla, agus sa scoil sin níl ach trí leithreas chun freastal ar chéad cailín agus seachtar banmhúinteoirí, agus trí leithreas chun freastal ar chéad buachaill agus ochtar fear. Baintear úsáid as an leithreas mar sheomra cótaí; níl aon seomra gléasta do bhuachaillí ná cailíní. Chomh maith leis sin, tá péire de na seomraí réamhdhéanta, agus tá siad fós in úsáid agus iad os cionn 20 bliain d'aois. Tá dhá sheomra ar iasacht ó Údarás na Gaeltachta. Caithfear dul trasna phríomhbhóthar na Gaillimhe-Cois Fharraige seacht n-uaire in aghaidh an lae chun freastal ar ranganna sna seomraí seo.
Tá na háiseanna sna seomraí, mar tá a fhios ag an Aire Stráit, cuid mhaith as dáta. Níl aon chúirt chispheile ann, níl aon halla spóirt, níl seomra bia ag na scoláirí. Tá an scoil tógtha ar acra talún agus tá contúirt anois ann go gcaillfear an talamh breise a bhí le fáil, toisc nach bhfuil aon chinneadh déanta fós an t-airgead a chaitheamh air.
Tá an-phráinn ag baint leis an gcás seo agus tá sé thar am dul i mbun réiteach na ceiste. An tábhacht atá ag baint leis ná, nuair a rinne mé teagmháil leis an Roinn Phleanála den Roinn Oideachais, dúirt siad liom ar an Luan, 18 Meitheamh, nach bhfuil aon airgead curtha ar fáil fós don scoil. Níl haon mhaith don Aire Oideachais a rá liom go bhfuil sí sásta cruinniú a shocrú, mar shampla, idir Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe agus an Aire Oideachais nó fiú an Aire Stáit, mar táimid bréan de chruinnithe. Ag an chruinniú roimhe thug an tAire Stáit, an Teachta Fahey, a fhocal do na tuismitheoirí go ndéanfaí an leathnú ar an scoil, chomh maith leis na feabhsúcháin atá riachtanach agus práinneach.
Chomh maith leis sin, tá daoine ag caint, mar shampla, faoin scoil a cheangal le meánscoil sa Spidéal. Thug mé féin cuairt ar an scoil, agus bhí mé ag cruinniú poiblí leis na tuismitheoirí, na múinteorí agus muintir na háite. B'fhéidir go bhfuil eolas faoi sin ag Aire Stáit Roinn na Gaeltachta féin, an Teachta Pat the Cope Gallagher, agus tá mé buíoch de as teacht isteach chun an cheist a chíoradh liom. Is í an mhórthábhacht a bhaineann leis an scoil seo ná go bhfuil dílseacht di ag na múinteoirí, ag na tuismitheoirí, ag muintir na háite ach ní féidir an dílseacht a choinneáil léi mura dtugtar a gcearta do mhuintir na háite maidir leis na deisiúcháin atá práinneach agus atá riachtanach.