Tógfaidh mé Ceisteanna 36 agus 37 le chéile.
Tá sé mar aidhm ag Scéim na Cóiríochta Saoire de chuid mo Roinn-se an chóiríocht sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a fhairsingiú do chuairteoirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus is deontas forlíontach, anuas ar dheontas ó Bhord Fáilte Éireann, a íoctar faoin scéim.
Nuair a d'fhógair Bord Fáilte an "Reconstruction and Development Scheme" i mí Dheireadh Fómhair 1985, leag siad béim ar leith ar chuairteoirí ó thíortha eile a mhealladh agus dúirt go gcaithfeadh iarratasóirí ar dheontais faoin scéim plean a fheidhmiú, a bheadh inghlactha do Bhord Fáilte, chun cur leis an turasóireacht iasachta. I bhfianaise sin, chinn an tAire ag an am nach mbeadh deontais fhorlíontacha iníoctha d'iarratasóirí a fuair deontais faoin scéim áirithe sin de chuid Bhord Fáilte toisc nach raibh aidhmeanna na scéime (cur leis an turasóireacht iasachta) ag teacht le cuspóirí scéim mo Roinne-se (cóiríocht do thurasóirí le suim acu sa Ghaeilge). Ní miste a lua gur polasaí é seo lena raibh glactha ag an Aire roinnt blianta roimhe sin freisin nuair a bhí béim ar an turasóireacht iasachta i scéim eile de chuid Bhord Fáilte. I bhfianaise an pholasaí sin, cuireadh in iúl do na daoine éagsúla a luaitear sna ceisteanna nach mbeadh deontais fhorlíontacha le fáil acu faoi scéim mo Roinne-se.