Dinny McGinley
Ceist:27 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Sláinte cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun clár HELIOS maidir le daoine míchumasaithe i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn.
Vol. 401 No. 5
27 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Sláinte cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun clár HELIOS maidir le daoine míchumasaithe i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn.
Sí aidhm an Dara Clár Gníomhaíochta ag an bPobal Eorpach ar son daoine le héagumais (HELIOS) ná malartú eolais ar thaithí agus scéimeanna nua i Limistéar an éagumais a chur chun cinn sna ballstáit. Mar sin, d'ainmnigh gach ballstát roinnt gníomhaíochtaí áitiúla mar shamplaí de na scéimeanna is fearr atáar siúl faoi láthair maidir le hoiliúint ghairmiúil agus fostaíocht, teangmháil shóisialta, saoráidí agus maireachtáil neamhspleách.