Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 Dec 1990

Vol. 403 No. 4

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Seirbhís Teilifíse trí Ghaeilge.

Eamon Gilmore

Ceist:

3 Mr. Gilmore asked the Taoiseach if he will outline the Government's policy regarding the provision of an Irish language television service, especially for the Gaeltacht areas; and if he will make a statement on the matter.

Dinny McGinley

Ceist:

4 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil sé ar intinn aige coiste eile fós a bhunúle tuarascáil a chur ar fáil maidir le Teilifís na Gaeltachta; cad é ballraíocht an choiste agus cén uair a bheas an tuairisc ar fáil.

Michael D. Higgins

Ceist:

5 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil aon fhírinne sa scéal a bhí ar Anois, 24 Samhain 1990 go bhfuil coiste bunaithe nó le bunú ag an Taoiseach le moltaí a chur os a chomhair maidir le Teilifís na Gaeltachta, nó maidir le seirbhís teilifíse trí Ghaeilge; cé hiad na daoine atá ainmnithe ar an gcoiste seo; céard iad na téarmaí tagartha atá tugtha dóibh; an bhfuil spriocdháta leagtha síos don choiste maidir leis na moltaí a réiteach; agus an mbeidh deis ag grúpaí sa Ghaeltacht a dtuairimí a chur os comhair an choiste seo.

Michael D. Higgins

Ceist:

6 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuair sé féin nó a Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta iarratas ón bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse, castáil leo le héilimh an Fheachtais sin maidir le seirbhís teilifíse trí Ghaeilge, a phlé; má fuair, céard iad na dátaí a fuair sé na hiarratais; agus cén toradh a bhí ar na hiarratais sin.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 3, 4, 5 agus 6 le chéile.

Aithníonn an Rialtas go bhfuil tionchar mór ag an teilifís ar shaol an lae inniu agus go bhféadfadh an-tionchar a bheith ag seirbhís oiriúnach lán-Ghaeilge ar athbheochan agus caomhnú na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Tá na moltaí go léir atá déanta faoin ábhar á scrúdú go fóill agus déanfar cinneadh críochnaitheach, a chuirfidh na riachtainais go léir san áireamh, a luaithe is féidir.

Níl aon bhunús leis na scéalta atá foilsithe le déanaí a thugann le fios go bhfuil coiste nua bunaithe.

Fuair an Taoiseach dhá iarratas ón bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse (litir dar dáta 2 Aibreán 1990 agus litir chiorclach (gan dáta) a fuarthas i mí Iúil 1990) ag lorg cruinnithe chun an cheist a phlé ach ní raibh ar a chumas bualadh le toscaireacht ón bhfeachtas. Fuair mé féin trí iarratas ar chruinnithe (6 Meitheamh 1990, an litir chiorclach a luaigh mé thuas agus 7 Meán Fómhair 1990) agus cuireadh admhálacha ar gach ceann acu. Os rud é go bhfuil na moltaí go léir atá déanta faoin ábhar, ar a n-áirítear cur-faoibhráid cuimsitheach ón bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse, á scrúdú go fóill, ní dóigh liom gur gá bualadh leo go foirmiúil ag an bpointe seo chun na tuairimí agus moltaí atá sonraithe acu go soiléir i scríbhinn a fháil athuair ó bhéal.

Bhuail mé go neamhfhoirmiúil ó thráth go céile le daoine a bhfuil baint acu leis an bhfeachtas agus tuigim a ndearcadh faoin ábhar seo.

Ar dtús ba mhaith liom a rá go bhfuil an cheist scríofa i mBéarla os rud é gur chuir mé, i dtús báire, faoi bhráid an Aire Cumarsáide é agus gur aistríodh ón Aire sin é. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit. Cé go ndeireann sé nach bhfuil coiste bunaithe, an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas coiste a bhunú amach anseo, agus, go háirithe, an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas saghas Údarás Teilifíse Gaeilge a chur ar bun. An dara ceist a ba mhaith liom a chur ar an Aire Stáit ná an bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil ar Network 2 chun dhá uair a chloig d'ábhar i nGaeilge a sholáthar. An é sin an rud atá ar intinn ag an Rialtas?

Ar an chéad cheist, maidir leis an choiste, níl sé ar intinn againn i láthair na huaire coiste a bhunú. Maidir le hÚdarás, is ceist é sin nach féidir freagra a thabhairt air go fóill, mar braitheann sé ar an chineál seirbhíse, agus an gá reachtaíocht a chur tríd an Dáil. Más gá ceann a bhunú, beidh muid sásta é sin a dhéanamh. Maidir leis an cheist faoi Network 2, braitheann sé sin ar an chinneadh a ghlacfaidh an Rialtas. Tá roghanna éagsúla ann, ach braitheann siad ar an chinneadh.

Tá mé cinnte go raibh an tAire Stáit ag labhairt ar son Aire na Gaeltachta féin nuair a dúirt sé nach bhfuil aon choiste curtha ar bun, nó le bunú maidir le tuarascáil a chur ar fáil faoi theilifís na Gaeltachta. Dhá cheist a ba mhaith liom a chur ar an Aire Stáit. Uimhir a haon, cén uair atá sé ag súil go mbeidh beart cinnte á dhéanamh maidir le seirbhís teilifíse Gaeltachta. Bhí sé seo geallta dúinn roimh an samhradh, taréis an tsamhraidh, roimh an Nollag — cén uair a bheidh sé ag teacht? An mbeidh sé ann an bhliain seo chugainn? Dúirt an tAire Stáit é féin in agallamh ar Raidió na Gaeltachta go bhfuil roghanna áirithe ag an Rialtas. An bhféadfadh sé forbairt a dhéanamh air sin? Cad iad na roghanna atá á mbeartú?

Mar a dúirt mé, níl sé ar intinn againn coiste a bhunú i láthair na huaire. Maidir leis an dara ceist, go luath san athbhliain. Ó thaobh na roghanna éagsúla de, tá a fhios againn go léir na roghanna éagsúla atá ann: uimhir a haon, an status quo bheith ann agus gan rud ar bith a dhéanamh; uimhir a dó, úsáid a bhaint as na cainéil atá ansin faoi láthair agus, ar ndóigh, teilifís na Gaeltachta é féin. Sin na roghanna éagsúla go ginearálta, ach ní féidir liom níos mó ná sin a rá ag an bpointe seo.

An bhfuil sé intuigthe as an fhreagra atá tugtha ag an Aire Stáit nach bhfuil aon bharúil fós ag an Rialtas i bhfábhar theilifís Ghaeilge nó teilifís na Gaeltachta? Ag dul ar aghaidh ó sin, an bhfuil dáta dearfa socraithe chun cruinniú a bheith ag an Roinn leis an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse, a chuir litreacha chuig an Taoiseach agus chuig an Aire Stáit? An cheist deiridh, an bhfuil suim airgid áirithe sna Meastacháin chun an rogha a nglacfar leis a chur i gcrích?

Mar gheall ar an chéad cheist, mar a dúirt mé sa fhreagra, ní dóigh liom gur gá bualadh leo ag an bpointe seo. Más gá, beidh mé breáshásta sin a dhéanamh. Mar is eol don Teachta bhuail mé le go leor de na comhaltaí éagsúla atá ar choiste an fheachtais náisiúnta, agus tá a fhios agam an dearcadh atá acu. Maidir leis an cheist faoin tsuim airgid, is dóigh liom gur ceist é sin don Aire Cumarsáide.

San agallamh a rinne an tAire Stáit ar Raidió na Gaeltachta ar 12 Deireadh Fómhair i mbliana, dúirt sé, i measc a lán nithe suimiúla eile, nach raibh deis aige na tuairimí éagsúla agus na roghanna éagsúla a phlé leis an Taoiseach, Aire na Gaeltachta, os rud é go raibh go leor fadhbanna práinneacha ag an Taoiseach. An bhfuil na moltaí pléite ag an Aire Stáit leis an Taoiseach ag an bpointe seo?

Bím ag plé na gceisteanna seo go minic leis an Taoiseach. Fiú amháin ar maidin, cé go raibh sé faoi bhrú, bhí am ag an Taoiseach casadh liom chun an cheist seo a phlé. Bíonn cruinnithe rialta againn agus ba mhaith liom a rá go ginearálta go bhfuil sé mar pholasaí againn seirbhís a chur ar fáil, ní amháin don Ghaeltacht, ach freisin do phobal na Gaeilge go léir. Mar a dúirt mé leis an Teachta McGinley, tá sé ar intinn againn cinneadh a ghlacadh go luath san athbhliain.

Os rud é go bhfuil sé andeacair freagra cruinn a tharraingt ón Aire Stáit, nach bhfuil sé fíor nach mbeidh an Rialtas ag cur teilifís na Gaeltachta ar bun ar chor ar bith, agus gurb é atá i gceist ag an Rialtas anois ná seirbhís trí Ghaeilge a chur ar bun trí RTÉ. Anois, an mbeidh Bille le tabhairt isteach aige sa Dáil faoi sin, agus cén uair a bheidh muid in ann an Bille sin a fheiceáil?

Ar ndóigh, caithfidh muid cinneadh a ghlacadh i dtosach, agus nuair atá sé seo glactha ag an Rialtas is féidir linn an cheist faoin reachtaíocht a phlé, ach tagann an cinneadh i dtosach. Más gá ina dhiaidh sin——

An bhfuil an Bille réidh?

Braitheann sé ar an chineál cinnidh.

Nach n-aontóidh an tAire Stáit agus an Taoiseach féin go bhfuil tuairiscí agus tuairimí agus cainteanna agus comhráití go leor déanta le trí bliana faoin ábhar seo, go bhfuil an t-eolas go léir ag Roinn na Gaeltachta, ag an Taoiseach agus ag an Roinn Cumarsáide, agus nach bhfuil aon rud ag teastáil anois ach cinneadh, socrú ón Rialtas go gcuirfear an tseirbhís ar fáil agus cén uair gur féidir linn an socrú sin a fháil. Gealladh dúinn é le bliain. Tá an t-eolas go léir ag an Roinn. Cén uair a dhéanfar an socrú?

Tá an tuarascáil againn le bliain anuas. Is ceist chasta é seo, ach tá muid dáiríre faoi. Níl muid a dhul a ghlacadh cinnidh ar mhaithe le cinneadh a ghlacadh. Mar a dúirt mé, beidh cinneadh — b'fhéidir go mbeidh díoma ar dhaoine — á ghlacadh go luath san athbhliain.

Barr
Roinn