Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 Dec 1990

Vol. 403 No. 4

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Dinny McGinley

Ceist:

7 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil socrú déanta go fóill maidir le hoifigí úra a chur ar fáil do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tuigim go bhfuil idirbheartaíocht maidir le léas a fháil ar fhoirgneamh oiriúnach beagnach tugtha chun críche ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, cé go bhfuil roinnt mionrudaí le socrú fós. Tá curtha in iúl agam dóibh go mbeidh deontas substaintiúil speisialta le fáil acu ó mo Roinnse mar chabhair chun cuid de an costais seilbh agus maisiúcháin a thitfidh orthu a ghlanadh.

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil géarghá le ceannáras úr a chur ar fáil don chomhdháil mar go bhfuil an t-áras atá acu faoi láthair go dona agus go bhfuil an t-uisce ag teacht isteach tríd an díon aon uair a bhíonn sé ag cur? Dá bhrí sin an bhféadfadh sé a oifig a úsáid chun an beartas seo a chur i gcrích chomh luath agus is féidir mar go bhfuil na coinníollacha oibre an-olc.

Go luath tar éis mo cheaptha mar Aire Stáit thug mé cuairt ar an chomhdháil náisiúnta agus aontaím leis an Teachta go bhfuil gá oifig eile a fháil. Táimid san Roinn ag déanamh ár ndíchill in a thaobh sin, agus mar a dúirt mé, beidh deontas substaintiúil speisialta á chur ar fáil againnse. Ag an bpointe seo b'fhearr liom gan aon rud eile a rá ar eagla go ndéanfadh sé dochar don idirbheartaíocht atá ar siúl go fóill, agus tá súil agam go nglacfaidh an Teachta McGinley leis sin.

Before proceeding with the questions, let me say that these are questions nominated for priority for which 15 minutes only applies under Standing Orders.

Barr
Roinn