Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 9 May 1991

Vol. 408 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Acht um Ollscoil Luimnigh.

Joe Sherlock

Ceist:

13 D'fhiafraigh Mr. Sherlock den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil aon tagairt do chúrsaí cultúrtha nó ceist na Gaeilge san Acht um Ollscoil Luimnigh; cén uair a bheidh Coláiste Oiliúna Thuamhumhan á nascadh leis an ollscoil; agus an ionann sin agus a rá nach mbeidh aon dualgas i leith na Gaeilge ar na múinteoirí nua a oilfear san ollscoil.

Maraon leis an reachtaíocht uilig a bhaineann leis na hollscoileanna níl foráil sonrach faoi chúrsaí cultúrtha ná ceist na Gaeilge in Acht um Ollscoil Luimnigh, 1989.

Tá na hollscoileanna go léir áfach ag feidhmiú faoi choimirce an Údaráis um Ardoideachais. Tá freagraíocht dlíthiúil ar an Údarás i leith na Gaeilge agus an chultúir.

Maidir le nascadh Coláiste Thuamhumhan agus Ollscoil Luimnigh beidh an dréacht-reachtaíocht curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais gan aon mhoill anois agus beidh deis ag an Teachta an Bille a scrúdú ansin.

An mbeidh cúram á chur ar an ollscoil faoin reachtaíocht seo gnó cultúrtha agus na Gaeilge a choimeád faoi bhráid acu?

Beidh forálacha faoin Ghaeilge agus, ar ndóigh, faoi athbheochan na Gaeilge sa Bhille nua, agus tá sé leagtha síos san Acht cheana féin go mbeidh sé mar aidhm ag Údarás um Ard Oideachas athbheochan na Gaeilge agus ar cultúr a chur chun cinn.

Rinne Coláiste Thuamhumhan i gcónaí a ndualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh go beacht agus go héifeachtach. Má chuirtear oiliúint ar fáil do mhúinteoirí sa nascadh, an aontódh an tAire Stáit go bhfuil sé antábhachtach ar fad go leanfadh an coláiste úr leis an dualgas sin a chomhlíonadh agus gur ghá go mbeadh cumas Gaeilge ag na múinteoirí a thagann amach san am atá le teacht mar a bhí san am a chuaigh thart, agus go mbeadh tagairt don Ghaeilge sa reachtaíocht nua?

Aontaím leis an Teachta go bhfuil sé mar dhualgas ar an ollscoil, mar a bhí ar Choláiste Thuamhumhan go dtí seo, an Ghaeilge a chur chun cinn agus go mbeadh an Ghaeilge go láidir ag na múinteoirí ag teacht amach as an ollscoil. Tá mé cinnte go ndéanfaidh Ollscoil Luimnigh gach iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn.

Barr
Roinn