Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 11 Jun 1991

Vol. 409 No. 6

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Ionadaíocht ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Michael D. Higgins

Ceist:

13 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach ar tugadh geallúint dhá bhliain ó shin do Bhrainse Údarás na Gaeltachta den Cheardchumann MSF mar chuid den réiteach ar aighneas tionsclaíochta in Údarás na Gaeltachta go gceapfaí ball den bhrainse nó de fhoireann an Údaráis ar bhord an Údaráis nuair a bheidh folúntas cuí ann; agus má tugadh, an bhfuil sé i gceist aige an gheallúint sin a chomhlíonadh ag deireadh mí na Bealtaine nuair a bheas folúntais ar Bhord an Údaráis.

Michael D. Higgins

Ceist:

15 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil sé i gceist aige duine ó na hoileáin Ghaeltachta a ainmniú ar Bhord Údarás na Gaeltachta nuair a bheas na baill nua den Bhord á n-ainmniú aige go luath.

Tógfaidh mé Ceist a 13 agus Ceist a 15 le chéile.

Níor tugadh gealltanas den chineál atá luaite i gCeist a 13. Is amhlaidh gur dúradh ag an am go mbeifí sásta a mholadh go ndéanfaí breithniú báúil ar iarratas ó Bhrainse Údarás na Gaeltachta den cheardchumann i gceist go gceapfaí ball den bhrainse sin mar chomhalta d'Údarás na Gaeltachta ach folúntas cuí a bheith ann.

Ar 30 Mheitheamh seo chugainn, tiocfaidh deireadh le tréimhse ceapacháin seisear comhalta ainmnithe den Údarás. Cuirfear an cás chun ball de bhrainse an cheardchumainn atá luaite agus chun ionadaí ó na hoileáin Ghaeltachta a cheapadh ar an Údarás san áireamh nuair a bheidh na ceapacháin á ndéanamh.

Nach iontach an ciúnas a thiteann ar an Teach nuair a bhíonn cursaí Gaeilge á bplé. Bíodh sin mar atá, tá mé buíoch den Aire Stáit as an fhreagra atá tugtha aige dom, ach chuir mé ceist dhíreach air, an bhfuil sé chun an coinníoll sin, maidir leis an réiteach ar aighneas tionsclaíochta, a chur i gcrích. Ní ionann é sin agus an rud a mheas ag an am nuair a bhí na folúntais ann. Sin Ceist a 13.

Níor tugadh gealltanas ar bith do dhuine ar bith ná do cheardchumann ar bith go gcuirfí ball den cheardchumann sin ar Údarás na Gaeltachta. Is é an rud a dúradh ag an am sin, mar a luaigh mé sa fhreagra, go ndéanfaí breithniú báúil ar iarratas ó bhrainse Údarás na Gaelachta den cheardchumann.

An bhfuil sé tuigthe go mbeidh moladh dearfa i leith an bhaill sin den MSF ag teacht ón Aire Stáit agus ón Roinn?

Cuirfear gach rud san áireamh sula ndéanfar cinneadh dearfa ar bith maidir le comhaltaí nua d'Údarás na Gaeltachta ag tús na míosa seo chugainn.

I gceist a 15 faoi bhallraíocht ar Udarás na Gaeltachtaa, d'fhiafraigh mé an raibh sé i gceist duine a ainmniú, mar shampla, ó na hoileáin Ghaeltachta. An bhfuil aon ainm faighte ag an Aire Stáit nó an raibh sé i gcomhairle le Comhairle na nOileán faoin bhallraíocht sin?

Mar a dúirt mé, cuirfear gach rud agus gach ceantar san áireamh sula ndéanfar cinneadh dearfa maidir leis na comhaltaí atá le ceapadh.

Barr
Roinn