Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 11 Jun 1991

Vol. 409 No. 6

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Teilifís na Gaeltachta.

Michael D. Higgins

Ceist:

14 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil aon iarratas déanta nó á bheartú ag an Rialtas maidir le hairgead a fháil ó scéim MEDIA an Chomhphobail Eorpaigh nó ó chiste ar bith eile de chuid an Chomhphoball chun cabhrú le bunú agus reachtáil theilifís na Gaeltachta; agus má tá, an bhféadfadh an Taoiseach eolas a thabhairt ar an iarratas nó na hiarratais.

Tuigtear dom nach bhfuil airgead iníoctha faoin scéim MEDIA chun cabhrú le bunú nó reachtáil seirbhís theilifíse. Ní léir dom ach an oiread go bhfuil aon scéim ann a d'fhéadfaí a úsáid chuige sin.

An féidir liom an cheist a chur ar an Aire Stáit mar nach bhfuil sé soiléir domsa an bhfuil aon airgead faighte ón Chomhphobal Eorpach i leith chúrsaí cumarsáide ó scéim MEDIA.

Fuair Údarás na Gaeltachta thart ar £3,020 ó chlár MEDIA mar chabhair chun cuid de na costais a ghlanadh maidir leis an tuarascáil a chuir siadsan ar fáil d'Aire na Gaeltachta faoi theilifís na Gaeltachta. Sin an t-aon airgead atá faighte. Maidir le foinsí eile, bhí cruinniú agam féin leis an Choimisinéir Papandreou sa Bhruiséal anuraidh agus phléigh mé an cheist léi faoi airgead an Chomhphobail le haghaidh na seirbhíse seo. De réir an eolais atá agam go dtí seo níl airgead ar bith ann ón fhoinse sin, ach, ar ndóigh, beidh sé seo costasach agus beidh mé féin agus an Roinn agus an Roinn Cumarsáide ag déanamh gach iarrachta chun airgead a fháil ó na foinsí sin.

An bhfuil sé intuigthe ón fhreagra atá tugtha ag an Aire Stáit go mbeidh na moltaí a cuireadh ar fáil, tar éis chaiteachas £3,020, mar bhunchéimeanna agus bhunstruchtúr na scéime nua teilifíse a bheidh á cur ar fáil?

Ní féidir a rá go mbeidh na moltaí sin mar bhunstruchtúr ach tig leis an Teachta a bheith cinnte de go mbeidh siad siúd á gcur san áireamh.

Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire Stáit an bhfuil teilifís na Gaeltachta ag teacht, agus, má tá, cathain a bheidh sé ag teacht.

Thug mé feagra ar an cheist sin go minic sa Teach seo. Cheap mé go raibh suim ag an Teachta McCormack sa cheist seo agus mura bhfuil an freagra aige, is bocht an lá é d'iarthar na Gaillimhe. Ach, mar a dúirt an Taoiseach, beidh seirbhís mar seo á cur ar fáil sa bhliain 1992.

Barr
Roinn