Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 6 Nov 1991

Vol. 412 No. 2

Written Answers. - Coibhneas idir Daltaí agus Múinteoirí.

Dinny McGinley

Ceist:

120 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais cad é an coibhneas idir daltaí agus múinteoirí i mbunscoileanna lán-Ghaelacha taobh amuigh den Ghaeltacht; an ionann é agus an coibhneas i mbunscoileanna Gaeltachta agus an bhfuil sé ar intinn aici aon athrú a dhéanamh ar an gcoibhneas.

Sé an coibhneas idir daltaí agus múinteoirí i mbunscoileanna i gcoitinne ná 25.8.1. Níl sonnraí ar leith ar fáil faoin coibhneas idir daltaí agus múinteoirí i mbunscoileanna lán-Ghaelacha nó i mbunscoileanna Gaeltachta.

Barr
Roinn