Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 Feb 1992

Vol. 415 No. 3

Written Answers. - Donegal-Glasgow Air Service.

Eamon Gilmore

Ceist:

64 Mr. Gilmore asked the Taoiseach if, in view of the recent decision by Loganair to suspend flights from Carrickfin, County Donegal, to Glasgow, and the difficulties that this will cause to travellers who used this route, he has any plans to attract other carriers to the region; and if he will make a statement on the matter.

Is cúis dhíomá gur chinn Loganair éirí as an aersheirbhís idir Glascú agus Carraig na Finne ar feadh tréimhse.

Bhuail mé féin agus stiúrthóirí Aerphort Idirnáisiúnta Dhún na nGall Teo (an chuideachta atá i bhfeighil aerphort Charraig na Finne) le bainistíocht Loganair i nGlaschú ar 16 Eanáir le cur ina luí orthu cé chomh tábhachtach is atá an aersheirbhís sin do Ghaeltacht Thír Chonaill. Mar thoradh ar an gcruinniú sin, tá deimhnithe ag Loganair liom go n-atosóidh an tseirbhís arís ó 1 Meitheamh seo chugainn agus, chomh maith leis sin, go gcuirfear seirbhís ar fáil le linn na Cásca (an tréimhse idir 17 agus 25 Aibreán).

Tuigim go bhfuil plé ar siúl ag Aerphort Idirnáisiúnta Dhún na nGall Teo le cuideachtaí aeir áirithe maidir le aersheirbhísí eile ó Charraig na Finne. Tá sé ró-luath go fóill, áfach, a rá cén toradh a bheidh ar na cainteanna sin.

Barr
Roinn