Michael Creed
Ceist:8 Mr. Creed asked the Minister for the Gaeltacht the amount of money spent by Roinn na Gaeltachta in Cork during 1991; if he will outline the projects which were undertaken; and the number of jobs created in each project.
Vol. 418 No. 1
8 Mr. Creed asked the Minister for the Gaeltacht the amount of money spent by Roinn na Gaeltachta in Cork during 1991; if he will outline the projects which were undertaken; and the number of jobs created in each project.
Chaith mo Roinnse suim £345,423 i gCathair agus i gContae Chorcaí sa bhliain 1991. Cuirfear timpeall i bhfoirm tábla sa Tuairisc Oifigiúil sonraí faoi thograí ar leith ar ceadaíodh cúnamh dóibh agus caiteachas ar scéimeanna eile.
Ar ndóigh tugann mo Roinnse cúnamh airgid do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge agus téann cuid den chúnamh sin chun tairbhe na Gaeilge i gContae Chorcaí chomh maith.
Níor ceadaíodh na deontais i gceist d'aonghnó chun poist a chruthú ach is cinnte gur chabhraigh cuid de na deontais chun fostaíochta a chur ar fáil, bíodh gur fostaíocht gearr-thréimhse cuid de.
An bhféadfadh an tAire a rá, maidir leis an tsuim sin a luaigh sé, £345,000, an íocaíocht a roinn an Roinn ar na coláistí Gaeilge, mar shampla, an bhfuil Coláiste na Mumhan i gceist sa tsuim sin?
Tá an liosta anseo agus beidh mé á scaipeadh ar na Teachtaí. Tá Coláiste na Mumhan ann.
Tograí Feabhsúcháin/Cultúrtha ar chaith Roinn na Gaeltachta airgead orthu i 1991 i gContae Chorcaí
Íocaí |
Togra |
Caiteachas |
£ |
||
Comhaltas Cosanta Ghaeltacht Chúil Aodha |
Seomraí feistis/leithris |
850 |
Comhaltas Cosanta Ghaeltacht Chúil Aodha |
Seomraí riaracháin |
1,000 |
Comhaltas Cosanta Ghaeltacht Chúil Aodha |
Gléas cóipeála |
1,000 |
Comharchumann Chléire |
Deontas reachtála |
21,000 |
Comharchumann Chléire |
Stáisiún artola |
2,760 |
Comharchumann Chléire |
Seachtain chultúrtha |
110 |
Comharchumann Chill na Martra |
Ionad Pobail |
6,000 |
Coiste na Páirce, Béal Átha an Ghaorthaidh |
Páirc Imeartha |
5,000 |
Coláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh |
Oibreacha feabhsúcháin ar an gColáiste |
8,500 |
Comhairle Chontae Chorcaí |
Deisiú bóithre |
5,400 |
Roinn an Mara |
Muiroibreacha ar Chléire |
1,467 |
Gaedhealachas Teo Gleann Maighir |
“AGUS”— tréimhseachán Gaeilge |
6,175 |
Gaedhealachas Teo Gleann Maighir |
Deontas speisialta capitíocta do Scoil na nÓg |
13,447 |
Gaedhealachas Teo Gleann Maighir |
Oibreacha feabhsúcháin ar an scoil |
8,500 |
FEASTA |
“FEASTA”— tréimhseachán Gaeilge |
7,500 |
Coiste an Naomh Ciaráin Oileán Chléire |
Fóirdheontas don tseirbhís farantóireachta |
36,678 |
Dámhscoil Mhuscraí |
Costais reachtála |
50 |
Áras Teo, Corcaigh |
Oibreacha feabhsúcháin ar an bhfoirgneamh |
9,500 |
An tIomlán |
134,637 |
Scéimeanna ar chaith Roinn na Gaeltachta airgead orthu in 1991 i gContae Chorcaí
£ |
|
(a) Deontais íoctha le Mná Tí Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge |
166,354 |
(b) Deontais Tithíochta |
42,452 |
(c) Deontas Labhairt na Gaeilge |
1,980 |
An tIomlán |
210,786 |