Maidir leis an tseirbhís farantóireachta idir Oileán Chléire agus Dún na Séad, Contae Chorcaí, íocann mo Roinnse suim bhliantúil chun na costais árachais agus chothabhála a bhaineann leis an mbád Naomh Ciarán II a ghlanadh. Suim £39,000 a íocadh ar an mbonn sin anuraidh.
Tuigtear ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil iarratas á mheas acu i láthair na huaire maidir le fóirdheontas a íoc i leith sheirbhís farantóireachta go Toraigh, Contae Dhún na nGall. Níl cinneadh foirmiúil déanta ag an eagraíocht sin go fóill, áfach, ach tuigtear uathu go mbeifear i gcomhairle le mo Roinnse i dtaobh na ceiste.
Tá an bád Kilbrannan, ar leis an Údarás é, i mbun na seirbhíse farantóireachta idir Ailt an Chorráin agus Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall. Tá an bád sin ar léas ón Údarás agus níl aon fhóirdheontas á íoc ina leith.
Ní miste a lua freisin go dtugann an tÚdarás cúnamh i ndáil leis na haersheirbhísí chuig na hOileáin Árann, Contae na Gaillimhe, agus leis an tseirbhís héileacaptair i rith an gheimhridh chuig Toraigh, Contae Dhún na nGall.