Peadar Clohessy
Ceist:30 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil buntáistí faoi leith faoi na cumhachtaí, scéimeanna agus deontais atá ag Údarás na Gaeltachta chun tionsclaíocht a bhunú sna ceantair Ghaeltachta seachas na cumhachtaí, scéimeanna agus deontais atá ar fáil ag an IDA chun tionscail a mhealladh chuig ceantair eile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin gceist seo.