Mary Harney
Ceist:40 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfadh sé gach eolas faoin méid oibre a dhéanfar ar obair thógála ar na céibheanna nua le haghaidh Inis Meáin agus Inis Oírr sa bhliain 1993.
Vol. 427 No. 6
40 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfadh sé gach eolas faoin méid oibre a dhéanfar ar obair thógála ar na céibheanna nua le haghaidh Inis Meáin agus Inis Oírr sa bhliain 1993.
Bainfidh an obair a dhéanfar in 1993 ar na tograí seo le réiteach suímh go príomha, ar a n-áirítear oibreacha mara druileála, pléasctha agus dreidireachta. Ar ndóigh, caithfear an obair i gceist a dhéanamh le linn dea-aimsire.
Beidh ionadaithe ó mo Roinnse agus ó Roinn na Mara ag dul chuig na hoileáin ar an Déardaoin (11.2.93) chun na dréachtphleananna a phlé leis na hoileánaigh.