Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Mar 1993

Vol. 427 No. 6

Written Answers. - Plean Forbartha Oileán Thoraigh.

Dinny McGinley

Ceist:

41 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm phlean forbartha Oileán Thoraigh ó thaobh calafort, aerstráice agus seirbhís farantóireachta de.

, Donegal South-West): Fuair mé turascáil chuimsitheach le déanaí ó Roinn na Mara maidir leis na roghanna éagsúla atá le cur san áireamh i ndáil le cé a fhorbairt ar Thoraigh. Ós rud é go bhfuil an-chuid airgid i gceist, cuma cén rogha a thoghfar, ní mór doimhin-stáidéar a dhéanamh ar an turascáil, rud atá idir lámha agam faoi láthair.

Tuigtear ó Údarás na Gaeltachta go mbeifear i gcomhairle le mo Roinnse go luath maidir le fóirdheontas i leith sheirbhís farantóireachta chuig an oileán.

Maidir le haerstráice don oileán tuigtear ón Údarás go bhfuil an cheist faoi láithreán agus faoi chead pleanála don aerstráice á plé acu i gcónaí le Comhairle Chontae Dhún na nGall. Ar ndóigh, caithfidh an tÚdarás ceist aersheirbhíse a scrúdú chomh maith mar chuid den togra. Beidh gá le cead ó mo Roinnse don chaiteachas a bhfainfidh leis an aerstráice a thógáil agus beidh ar an Údarás mo Roinn a shásamh chomh maith maidir le hinmharthanacht aersheirbhíse.
Barr
Roinn