Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Mar 1993

Vol. 427 No. 6

Written Answers. - Costas Maireachtála ar na hOileáin Árainn, Gailleamh.

Liz O'Donnell

Ceist:

43 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an aontóidh sé go bhfuil an costas maireachtála ar na trí hOileáin Arann i nGaeltacht na Gaillimhe ar a laghad 20 faoin gcéad níos airde ná an costas maireachtála ar an mórthír; agus an bhfuil aon phlean ag an Rialtas teacht i gcabhair ar mhuintir Árann sa chás agus an abródh sé cén polasaí atá ag a Roinn ó thaobh thodhchaí Oileáin Arann de.

, Donegal South-West): Glacaim leis go bhfuil an costas maireachtála níos airde ar oileán ná mar atá ar an mórthír. Chuige sin mar chabhair dóibh siúd atá ina gcónaí ar oileáin, tugann mo Roinnse deontais bhreise anuas ar an deontas a íoctar ar an mórthír faoi scéimeanna éagsúla, m.sh.

—Deontais tithíochta:

50% níos airde ná rátaí ar an mórthí.

—Uisce agus Séarachas:

Uasdheontas do ghrúpscéimeanna atá 50% níos airde ná ar an mórthír.

—Comharchumainn:

Deontas reachtála suas go £22,000 sa bhliain i gcomparáid le £20,000 ar an mórthír.

Maidir leis na hOileáin Árann go speisialta, léiríonn an scéim atá á hairgeadú ag mo Roinnse chun céibheanna nua a chur ar fáil ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr, go bhfuil mo Roinnse sásta cabhrú, feadh a cumais, leis na hoileáin seo. Cosnóidh na hoibreacha sin £4.5m thar tréimhse trí bliana.
Chomh maith leis sin, tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht nach beag d'Aer Árann le cuidiú leo aersheirbhisí rialta a chur ar fáil idir na h-oileáin agus an mhórthír.
Barr
Roinn