Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Mar 1993

Vol. 427 No. 6

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Imirce ón Ghaeltacht.

Proinsias De Rossa

Ceist:

9 D'fhiafraigh Proinnsias De Rossa den Taoiseach an bhfuil aon fhigiúirí aige faoin líon daoine a d'fhág an Ghaeltacht agus a d'imigh thar lear ag lorg fostaíochta i mbliana.

Níl an fhaisnéis atá a lorg ag an Teachta ar fáil.

Cén fáth nach bhfuil sé ar fáil? Cheapfadh duine, nuair atá sé mar chuspóir againn an Ghaeltacht a shabháil, go mbeadh faisnéis againn i dtaobh an méid duine atá ag fágáil na Gaeltachta.

Ní féidir an t-eolas sin a fháil mar ní féidir ceist a chur ar gach duine atá ag fágáil na Gaeltachta.

Tuigim an freagra ach an bhféadfadh le hÚdarás na Gaeltachta, mar shampla, taighde a dhéanamh gach bliain, féachaint cá mhéad duine a d'fhág an Ghaeltacht ag lorg fostaíochta?

Is ceist staitisticiúil é seo.

Níl an cúram sin ar Roinn na Gaeltachta ná ar Údarás na Gaeltachta.

Ar aghaidh linn go dtí ceist a 10.

A Cheann Comhairle, tá sé ar intinn agam Ceisteanna 10 agus 32 a ghlacadh le chéile. Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a rá gur mór an onóir dom bheith anseo inniu mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta chun ceisteanna Dála a fhreagairt ó bhéal den chéad uair. Is maith liom an deis seo a fháil chun focal nó dhó a rá faoi cheist na Gaeilge sna himeachtaí seo uile. Faoi mar is eol do Theachtaí, bhí sé mar thraidisiún riamh ag Aire na Gaeltachta ceisteanna Dála a bhain lena chúraimí féin a fhreagairt as Gaeilge. Tá sé i gceist agam go leanfar leis an nós imeachta sin.

Is léir freisin go mbeidh go leor ceist eile le freagairt agam mar Aire sa Roinn nua Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta nach mbainfidh go díreach le ceist na Gaeilge ná na Gaeltachta, Sna cásanna sin níl mise chun an Ghaeilge a bhrú ar Theachtaí, ach ba mhaith liom go dtuigfí go soiléir go gcuirfidh mé fáilte i gcónaí roimh cheisteanna nó fhocheisteanna trí Ghaeilge ar ábhar ar bith a thagann faoi chúram mo Roinnese. Tá sé ráite agam go poiblí gur cuid lárnach de shaol agus de chultúr na tíre seo an Ghaeilge agus go mbeidh mise, mar Aire, ag déanamh mo dhíchill chun ár dteanga dhúchais a chur chun cinn ar gach ócáid is féidir agus tá mé cinnte gur féidir liom brath ar Theachtaí ar gach taobh den Teach seo cabhrú liom san obair thábhachtach seo.

Edward Nealon

Ceist:

10 Mr. Nealon asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he intends to re-establish the Irish film board.

Austin Deasy

Ceist:

32 Mr. Deasy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he intends to assist in the re-establishment of an Irish film industry.

I propose to take Questions Nos. 10 and 32 together.

In accordance with the commitment contained in the Programme for a Partnership Government, I intend to commence the process of preparing a White Paper on the film industry immediately. It is my intention to have the White Paper completed and published within a period of 12 months. The White Paper will address all aspects of the film and audiovisual industry, including the question of establishing a single dedicated agency to oversee a production fund for the industry.

The Deputy will be aware that I have already announced my decision to remove the cap on RTE advertising and minutage which will, over time, represent a significant boost to the independent audiovisual production industry.

Deputy Austin Deasy.

Can I ask a question on Priority Question No. 10?

Gabh mo leithsceal, these are questions nominated for priority. I wish I could call the Deputy.

Will the Minister provide any money to re-establish the Irish Film Board?

This question is out of order.

Will the Minister provide any money?

Mea culpa, mea maxima culpa.

The Deputy would be very surprised at the amount of progress I am going to make in that regard.

Absolutely.

Barr
Roinn