Tógfaidh mé ceisteanna 11, 12 agus 35 le chéile.
Tá dearbhú tugtha sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta go mbunófar Teilifís na Gaeilge. Dá réir sin chinn an Rialtas agus fógraíodh sa cháinaisnéis go bhfuil suim airgid £4.5 mhilliún den fharasbarr airgid a bhí bailithe ó fhógraíocht ag RTE faoi alt 3 den Acht Craolacháin, 1990, le caitheamh i mbliana ar an obair innealtóireachta. Tuigim gur leor an tsuirn sin chun íoc as an obair a d'fhéadfaí a chur i gcrích sa bhliain reatha. Meastar go gcosnóidh sé £7.5 mhilliún eile chun an gréasán craolta a iomlánú.
Tá sé curtha in iúl agam cheana féin d'Údarás RTÉ go bhfuil mé chun meitheal oibre de shaineolaithe teicniúla ó RTÉ agus ó mo Roinn a cheapadh go luath chun comhairle a chur orm faoin mbealach is fearr chun an tseirbhís seo a bhunú chomh luath agus is féidir.
Chomh maith leis sin, bunóidh mé coiste bunaithe a bheidh ionadaíoch de phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge chun comhairle a chur orm faoi struchtúr na seirbhíse agus raon na gcláracha a chraolfar.
Faoi mar atá leagtha síos sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta, tá sé ar intinn agam gur i nGaeltacht Chonamara a bheidh a ceanncheathrú ag an tseirbhís nua, a chuirfidh idir dhá agus trí uair a chloig de chláracha do pháistí agus do dhaoine fásta ar fáil in aghaidh an lae ag na hamanna den lá is mó a oireann don lucht féachana.
Go dtí go mbeidh tuairisc faighte ar ais agam on mheitheal oibre, ní feidir liom meastachán cinnte a thabhairt faoin túsdáta craolta. B'fhearr liom féin, ar ndóigh, go gcuirfí tús leis an tseirbhís i mbliana ach níl sé sin indéanta anois. Tá súil agam, áfach, go gcuirfear tús leis an gcraoladh an bhliain seo chugainn. I dtuarascáil a réitigh Údarás na Gaeltachta i 1989, measadh go gcuirfeadh seirbhís den chineál atá i gceist fostaíocht ar fáil do 200 duine san earnáil phríobháideach, a bhformhór sa Ghaeltacht. Toisc gur seirbhís don tír uile atá beartaithe anois cuirfidh sí deiseanna fostaíochta ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht freisin.
Céim an-tábhachtach í seo, ní amháin i saol na Gaeilge agus i bhforbairt chultúrtha agus infrastruchtúir na Gaeltachta, ach i bhforbairt an chraolacháin sa tír freisin. Chomh maith leis na craolta Gaeilge beidh fáil ar an gcainéal nua seo do chraolta eile chun leas an phobail, craolta oideachasúla, forbartha agus parlaiminteacha a chur ar fáil.