Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Apr 1993

Vol. 429 No. 1

Written Answers. - Gaeltacht Chonamara Thiar: An Bóthar Réigiúnach.

Robert Molloy

Ceist:

31 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Comhshaoil an bhfuil fhios aige go bhfuil deacrachtaí faoi leith ag comhlach-taí éisc i nGaeltacht Chonamara Thiar a dtáirgí a iompar amach as na monarchana sa cheantar chuig príomhbhóthar an chalafoirt de bharr dhrochstaid an bhóth-air réigiúnaigh agus go bhfuil fostaíocht i mbaol sa cheantar dá bharr, agus an abródh sé cad atá beartaithe aige a dhéanamh faoin deacracht speisialta seo atá ag cur isteach ar fhorbairt tion-sclaíochta i nGaeltacht na Gaillimhe.

Toisc nach Bóithre Náisiúnta iad na bóithre seo, is é Comhairle Chontae na Gaillimhe atá freagrach as iad a fheabhsú agus a chothabháil. Is féidir leis an gcomhairle úsáid a bhaint as na deontaisí roghnacha atá curtha ar fáil ag mo Roinn féin chun cur le caiteachas ó acmhainni na comhairle féin ar na bóithre atá i gceist. Seachas cloí le treoirlínte ginear-álta, is í an chomhairle féin a réitíonn conas is fearr an t-airgead seo go h-iom-lán a chaitheamh.

Fógraíodh le gairid deontaisí i leith 1993 de £4,424,000 do Chomhairle Chontae na Gaillimhe do bhóithre neamh-náisiúnta atá faoi cúram na comhairle. Cuimsíonn an suim iomlán seo bhloc-dheontaisí de £3,344,000 i leith oibreacha feabhsúcháin; £630,000 i leith oibhreacha cothabhála; agus deontas breise de £450,000 i leith oibreacha feabhsúcháin go bhfuil gá leo de bharr riach-tanais speisialta an chontae.

Barr
Roinn