Trevor Sargent
Ceist:305 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais an bhfuil sé i ceist ag a Roinn ionad a cheannach ar son Ghaelscoil Sheáin Uí Éigeartaigh sa Chóbh, Contae Chorcaí, nó mura féidir é sin a dhéanamh an dtabharfaidh sí geallúint daingean dóibh go mbeidh sé de cheart ag an scoil fanacht mar atá sí go dtí go mbeidh scoil tógtha ag a Roinn dóibh ar shuíomh cuí.