Éamon Ó Cuív
Ceist:182 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Cosanta cén uair a íocfar an deontas cosanta sibhialta le hOrd-Mhalta Charna toisc go dtuigtear go bhfuil iarratas déanta ar dheontas le seachtain.
Vol. 433 No. 1
182 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Cosanta cén uair a íocfar an deontas cosanta sibhialta le hOrd-Mhalta Charna toisc go dtuigtear go bhfuil iarratas déanta ar dheontas le seachtain.
Níl iarratas faighte sa Roinn seo le déanaí ó ÓrdMhalta Charna chun deontas cosanta shibhialta a íoc. Fuarthas an t-iarratas deireanach i Mí Shamhna 1992 ar son seachtar ball den Ord-Mhalta Charna agus cuireadh an t-iarratas chuig An Rúnaí, Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcóir deimhniúcháin.
Iocfar an deontas comh luath is a chuirfear an deimhniúchán ar ais chuig an Roinn.