Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire as ucht teacht agus éisteacht leis an achainí seo chomh deireannach san oíche. Scoil Ghaeltachta í Scoil Shailearna atá suite dhá mhíle siar ón Spidéal. I láthair na huaire tá 230 scoláire ar an rolla agus seachtar múinteoirí fostaithe. Ar na huimhreacha a bheidh ann i mí Méan Fomhair seo chugainn ceapfar an t-ochtú oide ag tús na scoilbliana 1994.
Faoi láthair tá cúig seomra ranga sa scoil agus seomra il-úsáideach nó general purpose room. Úsáidtear an seomra sin anois mar dhá sheomra ranga. I 1982 deineadh iarratas ar sheomra breise a chur leis an scoil agus cuireadh an t-iarratas sin chuig an Roinn Oideachais. Sa bhliain dár gcionn ceadaíodh múinteoir breise—sé sin an seachtú múinteoir. I 1985 tháinig litir ón Roinn ag ceadú dhá sheomra ranga breise agus halla. I 1986 fostaíodh múinteoir breise. I 1987 fuarthas cead pleanála. I 1988 tugadh cead ailtire príobhaideach a fhostú. I 1989 leis an halla agus an dá sheomra ranga a thógáil cuireadh iarratas isteach go dtí Roinn na Gaeltachta ar dheontas i leith an halla. Tugadh cead do £60,000 de dheontas i 1990 ó Roinn na Gaeltachta.
I 1991 íocadh £4,701 ar tháillí ailtire de réir rialacha na Roinne; fritheadh tairiscintí agus cuireadh go dtí an Roinn iad. I 1992 fritheadh cead ón Roinn Oideachais tairiscintí a lorg agus cuireadh na tairiscintí sin ar aghaidh go dtí an Roinn. I 1993 cuireadh liosta na gconraitheoirí go dtí an Roinn agus fritheadh don dara huair cead pleanála. Tá chuile rud ag dul ar aghaidh, más mall é, go breá. Bhí caiteachas iomlán de £200,000 i gceist ó tharla go raibh deontas £60,000 faighte ó Roinn na Gaeltachta bhí £60,000 á lorg ón Roinn Oideachais leis an togra seo a chur i gcrích. I Meitheamh na bliana seo cuireadh in iúl do chathaoirleach an Bhord Bainistíochta go raibh an tógra seo curtha siar. Caithfear smaoineamh chomh maith de bhreis ar an ocht múinteoir a bheas ann i 1994 go bhfuil múinteoir feabhais ag freastal ar an scoil seo atá roinnte idir scoil an Spidéil, Scoil Shailearna agus scoil an Tulaigh. Chomh maith leis sin bíonn múinteoirí ealaíona, cigirí Gaeilge agus mar sin de ag teacht chun na scoile. Bíonn ar na daoine sin faoi láthair seomra na múinteoirí a úsáid.
Is é an t-iarratas atá ann ná, le deontas £60,000, go n-athrófaí an halla nó an seomra ilghnéitheach ina dhá sheomra ranga, go dtógfaí halla don scoil agus go dtógfaí seomra ranga breise. Dá mbeadh sé sin déanta bheadh ocht seomra ranga sa scoil agus seomra ginearálta.
Mar bharr ar chuile mhí-adh tuigim go bhfuil múinteoirí na scoile, ar threoir an INTO, tar éis a chur in iúl nach mbeifear sásta ranganna a thógáil ó Mheán Fómhair 1993 sna seomraí atá ar fáil i láthair na huaire. Mar sin, d'iarrfainn ar an Aire an deontas don scoil seo a cheadú ó tharla go bhfuil an scéal seo ag dul ar aghaidh chomh fada agus ó tharla go bhfuil an caiteachas £60,000 chomh beag sin i gcomhthéacs an chaiteachais iomláin de £200,000 agus ó tharla go bhfuil deontas ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta ó 1989 i leith.