Martin Cullen
Ceist:15 D'fhiafraigh Mr. Cullen den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé miontuairiscí faoi aon tionscnamh polasaí a bhfuil sé i gceist airgead a chur ar fáil dó faoi Mheastacháin 1994.
Vol. 437 No. 3
15 D'fhiafraigh Mr. Cullen den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé miontuairiscí faoi aon tionscnamh polasaí a bhfuil sé i gceist airgead a chur ar fáil dó faoi Mheastacháin 1994.
Tá na gníomhaíochtaí uile atá ar siúl ag mo Roinnse bunaithe ar pholasaithe atá faoi bhreithniú agam ar bhonn leanúnach.
Ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, tá scéimeanna éagsúla á reachtáil ag mo Roinnse ar mhaithe le leas cultúrtha, sóisialach agus eacnamaíoch na Gaeltachta agus ar mhaithe le caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar ghnáthurlabhra. Tacaíonn na tionscnaimh faoi scáth Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge leis na cuspóirí sin chomh maith.
Tá áthas orm go bhfuil éirithe liom infheistíocht sa réimse oidhreachta a mhéadú faoin bPlean Náisiúnta úr, d'ainneoin infheistíocht mhór sa réimse sin sa Phlean Náisiúnta 1989-1993. Díreofar an infheistíocht seo ar na codanna sin dár n-oidhreacht a rachaidh chun tairbhe an tionscail thurasóireachta. Beidh mé ag leagadh amach go luath d'Oifig na nOibreacha Poiblí clár oibreacha lena cur i gcrích i 1994: ina measc beidh tograí a thiocfaidh faoin gClár Ghníomhaíochtaí Turasóireachta.
Is é mo pholasaí maidir le hinfheistíocht san Ealaíon agus sa Chultúr ná go bhfuil de cheart ag gach saoránach go mbeadh teacht acu ar shaol ealaíona agus cultúrtha na tíre agus, dá bhrí sin, tá forbairt áiseanna oiriúnacha dá leithéid mar thosaíocht agam.