Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 26 Jan 1994

Vol. 437 No. 6

Written Answers. - Scoil i Gleann Maghair, Corcaigh.

Eamon Gilmore

Ceist:

593 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir leis an sín eadh scoile atá ceadaithe do Choláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Corcaigh le dhá bhliain déag anuas; an bhfuil fhios aici go bhfuil 420 dalta ag freastal ar an scoil faoi láthair cé nach bhfuil spás ann do 150 agus go bhfuil baol ann go mbeidh ar an scoil daltaí a dhiúliú an bhliain seo chugainn.

Cé go bhfuil pleanáil an sínidh atá beartaithe do Choláiste an Phiarsaigh críochnaithe, mar sin fhéin, mar is gnáth i gcás tionscnaimh móra den tsórt seo, ní féidir dul ar aghaidh leis an dtógáil go dtí gur léir céir mhéid airgid atá ar fáil. Tá an Clár Togála do 1994 á thabhairt chun críche faoi láthair agus tá an tionscnamh seo i measc na dtionscnaimh atá á mheas sa Roinn ó thaobh na toscaí uilig, i.e. togála, oideachasúla agus airgeadais.

Barr
Roinn