Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 May 1994

Vol. 443 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teangacha Réigiúnacha agus Mionteangacha san Chomhphobal Eorpach.

Michael Creed

Ceist:

6 Mr. Creed asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if the Government intends to sign the European charter for regional or minority languages.

Trevor Sargent

Ceist:

7 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhféadfadh sé a rá an bhfuil comhairle curtha ar fáil agus má tá, cén chomhairle atá curtha ar fáil, ag Bord na Gaeilge agus/nó ag An Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta don Roinn Gnóthaí Eachtracha maidir le héileamh a dhéanamh ar stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Trevor Sargent

Ceist:

8 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhféadfadh an tAire a rá cén fáth nach bhfuil an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus do Mhionteangacha sínithe fós ag an Rialtas; cén polasaí atá ag an Roinn agus ag Bord na Gaeilge faoin gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ar an ábhar.

P. J. Sheehan

Ceist:

10 Mr. Sheehan asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the plans, if any, he has to introduce an Official Languages Act.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 6, 7, 8 agus 10 le chéile.

Tá dlúthbhaint idir na ceisteanna maidir le Cairt Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh a shíniú agus stádas oifigiúil a lorg don Ghaeilge san Aontas Eorpach méadaithe. Ní foláir breithniú cúramach a dhéanamh ar na himpleachtaí is féidir a bheadh ann don chás do stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach dá síneofaí an Chairt.

Tá cinneadh déanta agam anois comhairle faoi na bealaí éagsúla, na himpleachtaí agus an comhthéacs a bhaineann leis an dá ábhar seo a chur ar fáil don Roinn Gnóthaí Eachtracha i gcomhthéacs na haidhme chun stádas oifigiúil a lorg don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus tá mo Roinn i gcomhairle leis an Roinn sin i dtaobh na ceiste.

Maidir leis an cheist eile, níl sé beartaithe agam ag an bpointe seo Acht um Theangacha Oifigiúla a thabhairt isteach i láthair na huaire.

An bhfuil an tAire ag tabhairt tacaíochta do shíniú na Cairte, agus cad a bhí le rá aige don Tánaiste faoin rud seo?

Tógfaidh mé ceist síniú na Cairte ar an gcéad dul síos. Is cuimhin liom nuair a thug mé freagra ar cheisteanna den tsórt seo ón am a ceapadh mé mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta go ndúirt mé go raibh sé deacair ar bhealach mar tá stádas ag an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann. Is í an Ghaeilge an chéad teanga. Sa chaoi inar leagadh amach téarmaí na Cairte déanann siad tagairt do theangacha mionlaigh agus do theangacha réigiúnda.

Bhí deacrachtaí eile ann. Ach bhí mé ag teacht go dtí an tuairim le déanaí go mb'fhéidir go mba cheart dúinn an Chairt a shíniú. Ach tháinig athruithe éagsúla ar choinníollacha, ach go háirithe mar shampla, beimid ag déanamh athbhreithnithe ar stádas na teanga go ginearálta i 1996. So caithfimid a bheith cúramach nach bhfuilimid ag déanamh dochair do aon ardú i gcéim na Gaeilge i 1996 tríd an Chairt a shíniú ag an am seo. Sin an rud a bhí i gceist agam sa bhfeagra a thug mé.

Glacaim leis an méid atá á rá ag an Aire ó thaobh 1996, ach nach bhfuil sé fíor freisin go mbeidh tíortha nua ag teacht isteach san Aontas agus a dteangacha féin acu? Má táimid ag fanacht go dtí go mbeidh siadsan istigh nach mbeidh sé níos deacra fós stádas a bhaint amach don Ghaeilge, mar beidh níos mó teangacha ann ná mar atá ann faoi láthair.

Nach bhfuil sé fíor nach bhfuil aon chostas ag baint leis an síniú seachas an dúch sa pheann i ndáiríre agus go léireoidh sé stádas atá saor in aisce, cuir i gcás, seachas an stádas a bheidh ag teacht ó Theilifís na Gaeilge atá costasach go leor. Ba cheart dúinn, b'fhéidir, an stádas nach bhfuil costasach a ghlacadh chomh maith.

Níor thuig an Teachta an rud a bhí i gceist agam. Tá sé i bhfad níos éasca dó tuairim an-shimplí a bheith aige ó thaobh na Cairte mar a bhí sé. Baineann an chairt le teangacha mionlaigh agus réigiúnda. Níl an Ghaeilge mar theanga mionlaigh agus reigiúnda sa tír seo go hoifigiúil. So an mbeadh an Teachta sásta scaoileadh leis an stádas a bhaineann leis an nGaeilge sa Bhunreacht? Cheap mise go raibh sé tábhachtach go mb'fhiú aird a thabhairt ar an deacracht sin. Tuigim gur féidir linn dul ar aghaidh agus ní mise a bhí ag obair arna coinníollacha nuair a tháinig Éire isteach sa Chomhphobal Eorpach i 1973. B'fhéidir gur cailleadh seans ag an am sin. Is cuma faoi sin, ach an chaoi ina raibh an cás nuair a thosaigh mé, mar aduirt mé, rinne mé scrúdú ar an gceist agus bhí mé ag ceapadh gurbh fhéidir an Chairt a shíniú agus glacadh leis na haltanna éagsúla agus mar sin de. Bhí an obair sin déanta agam agus bhí mé sásta, b'fhéidir, bealach a chur ar aghaidh chun an Chairt a shíniú.

Maidir leis na tíortha eile a bheidh ag teacht isteach — agus beidh siad ag teacht isteach faoi Uachtarántacht na Gréige — cuirfidh mé mo thuairimí ar aghaidh agus caithfidh mé a rá gur chuir mo chomhleacaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Dick Spring, mo tuairimí ar aghaidh. Táimid i bhfábhar — agus níl aon deacracht faoi seo — aon rud is féidir linn a dhéanamh chun stádas na Gaeilge a ardú. Sin an fáth go bhfuil oifigigh mo Roinne agus oifigigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha faoi láthair i gcainteanna ag ullmhú an cháis is fearr do chúis na Gaeilge. Ceapaimid féin go mb'fhéidir go dtiocfaidh sé pé ar bith i 1996. Sin an fáth go bhfuil mé ag rá go gcaithfidh mé an comhthéacs ar fad a chur san áireamh.

Tá mé féin i bhfábhar an usáid is mó a bheith ag an Ghaeilge ann. Ach chun an fhírinne a rá cuirim an cheist orm i gcónaí cá raibh — agus nílim ag caint faoin Teachta — daoine áirithe i 1973 nuair a bhí an cás i bhfad níos éasca?

Bhí se sa bhunscoil.

(Carlow-Kilkenny): Ní thuigim ar chor ar bith cén fhadhb atá ag an Aire. Cén fáth go ndéanfaí dochar don Ghaeilge dá mbeadh sí le cloisteáil i bParlaimint na hEorpa? Tá a lán teangacha le cloisint ann faoi láthair agus an míneodh an tAire go simplí cen dochar a bheidh ann i 1996.

Is féidir liom freagra a thabhairt don Teachta. Má tá sé sásta glacadh gan choinníoll gur teanga mionlaigh agus réigiúnda í an Ghaeilge b'fhéidir go bhfuil sé ag cailliúnt an cháis go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil. Is feidir liom a bheith an-simplí faoi seo ach sin an deacracht atá ann. Caithfidh mé glacadh leis.

(Carlow-Kilkenny): Sin an freagra a bhí uaim. Go raibh míle maith agat.

OK. Tá áthas orm é a thabhairt don Teachta.

Ní cuimhin liom 1973 go ró-mhaith, caithfidh mé a admháil. Ach faoi láthair is cinnte go bhfuil scéal na Gaeilge níos deacra fiú ná mar a bhí sí an uair sin leis an gcomórtas atá ar fud na hEorpa idir teangacha. Tá sé an-tábhachtach nuair atá an tAire ag caint faoi a bheith cúramach i leith an chéad seans eile agus gan aon seansanna a loit. An féidir leis a bheith cúramach freisin go bhfuil sé ag glacadh an seans atá ann chomh maith agus is féidir faoi láthair? Ní ceart a bheith buartha faoin teideal agus rudaí réigiúnda agus mar sin de. Tuigim an cás atá á chur aige. Ach ar fud na hEorpa is réigiún muid ar aon chuma, agus in cúpla réigiún muid i ndáiríre ón dtaobh eacnamaíochta de. Ní bhéinn róbuartha faoin teideal ar an mbonn sin. Ach tá sé tábhachtach seasamh a ghlacadh — go bhfuilimid ag dul i dtreo stádais oifigiúil agus gur féidir linn an Chairt a shíniú gan dochar a dhéanamh agus an coinníoll sin a chur isteach ann, b'fhéidir. Ach ní cóir dúinn a bheith in ár suí ar an gclaí agus ag fanacht le lá na cinniúna nach dtiocfaidh faraor má tá sé cosúil le Sellafield nó ceist ar bith eile dá leithéid.

Ar an gcéad dul síos, táimid ag brú ar aghaidh. Tá cás ceart i gcomhthéacs céart á ullmhú againn agus níl aon seans caillte againn, agus ní chaillfimid aon seans. Tá súil agam agus muid ag déanamh sin — agus rinne mé tagairt do 1973 — go mbeadh cabhair agam féin mar Aire na Gaeltachta ag ullmhú moltaí agus ag dul i gcomhchainteanna le mo chomhleacaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha; agus nach millfidh ráflaí gan bunús an cás a bheidh mé ag ullmhú. Tharla sé le gnéithe eile nuair a bhí an obair déanta agus nuair a bhí fhios ag daoine áirithe agus ag dreamanna áirithe go raibh a leithéid ag dul chun cinn lean siad ar aghaidh ag scaipeadh ráflaí gan bunús a rinne damáiste do na coincheapa éagsúla a bhí á gcur chun cinn.

Níl mé sásta go bhfuil a fhios ag an Aire cad atá sa Chairt. Article 3 refers to the "approval of each regional or minority language or official language which is less widely used". This is not about classifying Irish as a regional or minority language; under Article 8 of the Constitution Irish is an official language of this country. This is why Question No. 10 refers to an official languages Act. If we were to sign the Charter would it not be necessary to underpin it with legislative provision which would give equal recognition in law to Irish and English? It is not correct to say that signing the Charter would in some way take from the Irish language. There is provision in the Charter for a regional or minority language or official language which is less widely used. I understand that when he was in Brittany in 1991 the Minister indicated his support for the Charter and that previous Governments supported signing it. Has that policy been changed?

The policy has not been changed. The document from which the Deputy quoted refers to an official language in a European Union context. I can give Deputies information if they wish. I have already told the Deputy in Irish that if no opportunity of significantly improving the status of Irish in the Union existed between now and 1996 I would sign the Charter. I have made the reasonable request that the issue of signing the Charter now be considered in the context of the greater gain which can be made from the language which may include signing the Charter, putting forward other proposals for the advancement of the language and making the necessary arrangements. That is the present position.

Barr
Roinn