Tá seir-bhís theoranta heileacaptair á cur ar fáil, le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta, ó 1985 ar aghaidh chun freastal ar riachtanais mhuintir Thoraí i rith an gheimhridh. Táthar ag leanúint leis an tseirbhís sin do gheimhreadh 1994-95 chomh maith.
Maidir leis an tseirbhís farantóireachta atá á cur ar fáil don oileán ag Turasmara Dhún na nGall Teo (cuideachta ina bhfuil scaireanna tosaíochta ag na Údarás) d'íoc an tÚdarás fóirdheontas i leith reachtáil an tseirbhís báid sin do lagshéasúr na bliana 1993-94. Tá iarratas á bhreithniú ag mo Roinnse i láthair na huaire i gcomhairle leis an Údarás maidir le leanúint leis an bhfóirdheontas do lag-shéasur na bliana 1994-95.