Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 14 Feb 1995

Vol. 449 No. 1

Written Answers. - Deontas Feabhsúcháin do Dhochar na Stoirme.

Máire Geoghegan-Quinn

Ceist:

98 D'fhiafraigh Mrs. Geoghegan-Quinn den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an mbeidh ar chumas a Roinne deontas feabhsúcháin a chur ar fáil (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe chun an dochar a deineadh aimsir na stoirme a chur ina cheart. [3308/95]

Níl aon iarratas ar chúnamh faighte ag mo Roinnse i leith oibreacha a bhfuil gá leo de bharr damáiste stoirme a rinneadh sa bhaile fearainn a luaitear.

Beifear sásta aon iarratas a gheofar a mheas ach é a bheith cáilithe faoi cheann de na scéimeanna atá á reachtáil ag mo Roinnse.

Barr
Roinn