Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Mar 1995

Vol. 449 No. 8

Written Answers. - Pháistí an Lucht Siúil.

Liz O'Donnell

Ceist:

90 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aici gur chuir Uachtarán Eagraíocht na nGaelscoileanna i leith an Stáit go raibh feall á dhéanamh ar pháistí an lucht siúil ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de; agus an gcuirfidh sí in iúl cad é polasaí an Rialtais faoin gceist seo. [4696/95]

Níl aon difríocht i leith múineadh na Gaeilge idir pháistí an lucht siúil agus páistí na tíre i gcoitinne.

Má tá páistí an lucht siúil ionrollaithe i ngnáthranganna sa bhunscoil, leanann siad an gnáthchuraclam ina bhfuil an Ghaeilge mar chuid riachtanach.

Má tá na daltaí ag freastal ar rang speisialta i mbunscoil leanann siad cúrsa sa Ghaeilge atá in oiriúint dá riachtanais.

Barr
Roinn