Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 18, 21, 32, 36, 53, 55 agus 57 le chéile.
Níl sé fíor go bhfuil sé i gceist agam stádas cánach faoi Alt 35 den Acht Airgeadais, 1987 (leasaithe) a tharraingt siar i leith comhlachtaí teilifíse Éireannacha nó i leith cláracha teilifíse ar fad agus beidh sé tógtha faoi deara ag Teachtaí nach raibh aon athrú i leith alt 35 i gcáinaisnéis na bliana seo.
Ba mhaith liom a chur in iúl don Teach, áfach, go bhfuil mé ag coimeád súil ghéar ar an stádas cánach go ginearálta faoi alt 35 agus go molfaidh mé aon leasuithe cuí — le tacaíocht ón Aire Airgeadais — a chinnteoidh go mbainfidh mé amach aidhmeanna mo pholasuithe i leith an tionscail scannáin agus closamhairc ar an gcostas is lú is féidir don Státchiste.