Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 19 agus 34 le chéile.
Fógraíodh le déanaí go bhfuil méadú ó £3.50 go £4 in aghaidh an lae ceadaithe agam sa deontas a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta lena mbíonn foghlaimeoirí Gaeilge a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht ar iostas acu.
Méadú sa bhreis ar 14 faoin gcéad atá i gceist agus rachaidh an deontas méadaithe go mór chun tairbhe na dteaghlach Gaeltachta, agus go deimhin do thuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí.
Níl amhras ach go gcabhraíonn an deontas seo go mór leis na táilliá a ghearrtar ar thuismitheoirí na bhfoghaimeoirí a choimeád chomh híseal agus is féidir agus níl sé i gceist agam cúnamh breise a chur ar fáil ag an bpointe seo.